Dlíodóir, polaiteoir agus feimineach ón bhFrainc ba ea Simone Veil ̈(née Jacob; 13 Iúil 1927 – 30 Meitheamh 2017).
Ba aire rialtais, údar, an chéad uachtarán mná ar Pharlaimint na hEorpa (1979-82) í. Tháinig sí slán ó champa báis Auschwitz ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda.
De shliocht Giúdach, tháinig slán as Auschwitz sa bhliain 1945. Na heachtraí thrámacha a bhain di le linn a hóige sa Dara Chogadh Domhanda a ghríosaigh í chun oibre ar son Eoraip Aontaithe, agus chaith sí a saol ag cur na cúise sin chun cinn.
Tá clú uirthi ar fud na hEorpa fós as a chinntiú go ndéanfaí na Giúdaigh a maraíodh le linn an Uileloiscthe a urramú agus a choimeád inár gcuimhne.
Tá cáil ar leith ar Veil sa Fhrainc as an nginmhilleadh a dhéanamh dleathach agus as beatha na mban agus dálaí na gcimí a fheabhsú.
Mar aire rialtais sa Fhrainc, thug sí reachtaíocht ginmhillte isteach sna 1970idí. Ritheadh an reachtaíocht a cheadaíonn ginmhilleadh sa Fhrainc ("la Loi Veil sur l’IVG") sa bhliain 1974 agus Veil i gceannas ar an Roinn Sláinte i rialtas Giscard d’Estaing (1974-81).
Na heachtraí thrámacha a bhain di le linn a hóige sa Dara Chogadh Domhanda a ghríosaigh í chun oibre ar son Eoraip Aontaithe, agus chaith sí a saol ag cur na cúise sin chun cinn.
Sa bhliain 1979, ceapadh í ina feisire de Pharlaimint na hEorpa agus toghadh í mar Uachtarán na Parlaiminte. D’fhan sí sa ról sin go dtí 1982. D’fhág sin gurbh í an chéad Uachtarán í den chéad Pharlaimint a toghadh go díreach agus gurbh í an chéad Uachtarán mná í (1979–1982 a tréimhse oifige).
Toghadh Veil ina ball den Académie française ag deireadh mhí na Samhna 2008. Glactar leis go forleathan go raibh a háit ar an Académie tuillte aici. Ach tháinig thart ar 100 duine le chéile ar an Pont des Arts i bPáras ar lá na vótála chun cur in aghaidh an gradam a bhronnadh uirthi, agus feachtas ar bun acu in aghaidh an ghinmhillte i gcónaí.
D'éag Veil ar 30 Meitheamh 2017.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Simone Veil, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.