Is popghrúpa Éireannach é Seo Linn.
Sular tháinig Seo Linn amach, bhí fíorbheagán ceoil comhaimseartha i nGaeilge ann. D'athraigh sé sin in 2013 leis an amhrán ‘Avicii V Lurgan’ i gColáiste Lurgan, agus tá saothar cumtha acu féin ó shin, amhráin comhaimseartha aitheanta clúdaithe acu, agus amhráin traidisiúnta curtha amach acu.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna popcheoil |
Foirm dlí | |
Áit ar bunaíodh é | Coláiste Lurgan |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 2013 – |
Seánra | Cumasc Ceilteach, popcheol agus ceol tíre traidisiúnta |
Le cuid | |
Suíomh gréasáin | seolinn.com |
Thosaigh aistear Seo Linn sa bhliain 2013 mar gheall ar ‘Avicii V Lurgan’ (le linn 2013-2023, bhí breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán). Thíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí siad nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin.
Scaoil Seo Linn a gcéad singil "Ar Scáth a Chéile" ar an 24 Feabhra 2014. Is singil carthanas é "Ar Scáth a Chéile". Cumtha & scríofa ag Seo Linn i gcóir Self Help Africa le linn a dturas go hUganda sa bhfómhar 2013.
Scaoil an banna a ndara singil "D'Aon Ghuth Amháin" ar an 11 Samhain 2014. Rinne siad an físeán ar an 2 Samhain. Tá siad ag obair ar a ndara singil charthanachta. Rinne siad físeán i gContae Dhún na nGall don singil.
Ar an 4 Lúnasa 2016 d'fhógair Seo Linn gur fhág Cathal Ó Ruaidh agus Conor Moore an banna agus go mbeadh Seo Linn ag tógáil sos beag.
Ar an 7 Feabhra 2017 fógraíodh go bhfuil Solas ainm don chéad albam an bhanna. Bhí sé scaoilte ar an 3 Márta 2017. Bhí an singil "Solas" scaoilte ar an 24 Feabhra 2017 agus fuair sé go uimhir 54 in Éirinn .
Teideal | Eolas | Buacphointí ar an gCairt |
---|---|---|
ÉIRE | ||
Solas |
| 27 |
Bliain | Amhrán | Buacphointí ar an gCairt | Albam | ||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
ÉIRE | |||||||||||||
2014 | "Ar Scáth a Chéile" | 57 | Solas | ||||||||||
"D'Aon Ghuth Amháin" | — | ||||||||||||
2016 | "Music Makers" | 26 | |||||||||||
"The Irish Roar" | 80 | ||||||||||||
2017 | "Rise" | — | |||||||||||
"Solas" | 54 | ||||||||||||
"—" Ní raibh an singil sa chairt seo. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seo Linn, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.