Is éard is seascann ann ná talamh fliuch faoi fhoraois.
Meastar gur criosanna trasdula iad seascainn mar tá ról ag talamh agus uisce araon i gcruthú na timpeallachta. D'fhéadfadh fionnuisce, uisce goirt nó sáile a bheith sa seascann. Feictear seascainn fionnuisce ar bhruach aibhneacha nó lochanna móra, áit a mbíonn siad ag brath go mór ar uisce báistí agus ar thuilte séasúracha chun athruithe nádúrtha i leibhéal an uisce a chaomhnú. Is in aice le haibhneacha móra ar nós an Amasóin, an Mississippi, agus an Congó a fhaightear cuid de na seascainn is mó ar domhan. Feictear seascainn sáile ar chóstaí trópaiceacha agus fothrópaiceacha.
Is cineálacha sainiúla bogaigh iad seascainn agus riasca (nó corcacha) a fhoirmíonn i ngar do réimse uisce, in áiteanna a bhfuil ithir shaibhir sháithithe iontu. Is bogach é riasc a bhíonn faoi thuilte go leanúnach nó go minic, a bhfuil plandaí luibheacha chun cinn. Ar an lámh eile, bíonn ithir sháithithe agus/nó uisce bodhar i seascann, agus ó thaobh fásra de, is crainn, toir, agus sceacha uiscefhulangacha atá chun tosaigh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seascann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.