Is é an seaboirgiam dúil uimhir a 106 i dtábla peiriadach na ndúl.
Is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Sg. Is dúil shintéiseach é, agus is í an leathré atá ag an iseatóp is cobhsaí atá aige ná 1.9 nóiméad, is é sin, 271Sg. Déanann maisuimhir an iseatóip seo gnó an mheáchain adamhaigh don tseaboirgiam, nó ní féidir meáchan adamhach i gciall cheart an fhocail a shainiú dó, ós rud é nach bhfuil an dúil ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Maidir leis na saintréithe ceimiceacha, tá an seaboirgiam suite taobh thíos den tungstan i dtábla peiriadach na ndúl, agus tugann turgnaimh agus tuairimíocht araon le fios go bhfuil iompraíocht cheimiceach an tseaboirgiam cosúil leis an tungstan. Tá sé thar a bheith deacair áfach turgnaimh a dhéanamh leis an dúil seo chomh radaighníomhach is atá sí.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Seaboirgiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Sg agus Unh |
Uimhir adamhach | 106 |
Cumraíocht leictreon | [Rn] 5f¹⁴ 6d⁴ 7s² |
Peiriad, Grúpa | grúpa 6 peiread 7 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Stair | |
Aimsitheoir | Yuri Oganessian |
Fionnachtain | Iúil 1974 |
Eapainm | Glenn Theodore Seaborg |
Bhí sé ina chnámh spairne idir na Meiriceánaigh agus na Sóivéadaigh araon ar feadh i bhfad, cé acu an dream ba thúisce a rinne fionnachtain na dúile seo, agus dá réir sin bhí ainmniú na dúile ag dul chun leadráin. Sa bhliain 1994 áfach bhí Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) sásta seaboirgiam a bhaisteadh ar dhúil a 107. Fuair an dúil a hainm ó Ghlenn Seaborg, fisiceoir Meiriceánach a ghlac páirt ina fionnachtain in Ollscoil California,
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seaboirgiam, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.