Tugadh an 'Yorkshire Ripper' ar an dúnmharfóir srathach, Peter Sutcliffe (2 Meitheamh 1946 – 13 Samhain 2020).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Peter William Sutcliffe 2 Meitheamh 1946 Bingley, England |
Bás | 13 Samhain 2020 74 bliana d'aois University Hospital of North Durham, England (en) |
Siocair bháis | Covid-19 |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sraithmharfóir, tiománaí leoraí |
Teangacha | Béarla |
Eile | |
Ciontaíodh i | dúnmharú (1981) → (príosúnacht saoil) |
Ar 25 Deireadh Fómhair 1980, mharaigh an Ripper a 12ú híospartach in Yorkshire. D'ionsaigh sé 22 bean in iomlán idir 1969-1980, an ceann deireanach ar 5 Samhain 1980.
Ba mhó i bhfad an cuardach agus an fiosrúchán a bhí ar bun i Sasana nuair a bhí Sutcliffe i mbun a chuid gníomhartha uafáis. Bhí na póilíní diongbháilte de gurbh é an ‘Ripper’ an fear a bhíodh ag scríobh litreacha agus ag cur téipeanna chuig an mbleachtaire George Oldfield.
Chuir siad a gcuid acmhainní agus a gcuid ama ar fad isteach sa gcuardach san áit mhícheart agus iad ag leanacht scéalta agus leideanna nach raibh aon bhunús leo, mar gheall ar na litreacha agus na téipeanna sin.
Arís agus arís eile, ceistíodh an fear a gabhadh agus a ciontaíodh ar deireadh, Peter Sutcliffe. Ach de bharr nárbh é a scríobh na litreacha chuig George, ligeadh chun siúil é. Naoi n-uaire ar fad a tógadh agus a ceistíodh é le linn an fhiosrúcháin.
Bhí na póilíní dírithe ar an gceantar mícheart i Sasana. Ghlac siad leis, mar gheall ar an gcanúint a bhí ar an téip, go mba as ceantar na ‘Geordies’, Sunderland, an dúnmharfóir.
Gabhadh Sutcliffe faoi dheireadh ar 2 Eanáir 1981. Oíche amháin agus beirt phóilíní ar dualgas oíche in Sheffield, tháinig siad ar charr a raibh siad in amhras faoi ar an bpointe. Cé nach raibh siad féin páirteach sa gcuardach mór ar an ‘Ripper’, toisc go raibh bean sa charr in éindí leis an tiománaí agus uimhir bhréige ar an gcarr, thugadar isteach é.
Ní raibh aon fhianaise acu gurbh é sin an fear a rabhthas sa tóir air, ach tugadh isteach i gcomhair ceistiúcháin é ar aon chuma. Chuimhnigh duine den bheirt phóilíní ansin ar rud amháin a tharla nuair a tháinig siadsan ar an láthair. Dúirt an fear gur mian leis a mhún a dhéanamh agus lig siad cead dó sin a dhéanamh taobh thiar de chlaí. Go tapa, d’fhill an bheirt phóilíní ar an áit ar tharla sé sin. Taobh thiar den chlaí tháinig siad ar bheart uirlisí, casúr ina measc. Uirlisí dá leithéid a d’úsáideadh an ‘Ripper’ agus é i mbun a dhrochghnó.
Agus an fhianaise sin leagtha os a chomhair, d’admhaigh Peter Sutcliffe dhá lá níos déanaí gurbh eisean an fear a bhí uathu.
Bhuail Covid-19 agus cliseadh plúch-chairdiach Sutcliffe sa bhliain 2020. D’éag 13 Samhain 2020, in aois 74 bliain dó.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Peter Sutcliffe (Yorkshire Ripper, 1946-2020), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.