Peig Sayers: údar cuimhní cinn

Seanchaí agus dírbheathaisnéisí Éireannach ab ea Peig Sayers (29 Márta 1873 – 8 Nollaig 1958).

Bhí cáil an bhéaloidis ar bhean an Bhlascaoid agus ceansaíodh a cuimhní cinn in go leor leabhar. Ina measc bhí a dírbheathaisnéis 'Peig' – leabhar éigeantach ar churaclam na hArdteistiméireachta ar feadh breis agus 30 bliain.

Infotaula de personaPeig Sayers
Peig Sayers: Saol, Saothair, Féach freisin
Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1873
Dún Chaoin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1958
84/85 bliana d'aois
Daingean Uí Chúis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCuimhní cinn, dírbheathaisnéis, scéal agus eachtra
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
PáisteMicheál Ó Gaoithín Cuir in eagar ar Wikidata

Discogs: 5785316 Find a Grave: 6522708 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol

Tháinig Peig Sayers ar an saol i nDún Chaoin, baile beag i gContae Chiarraí, ar 29 Márta 1873. D’aistrigh sí isteach ar an mBlascaod Mór sa bhliain 1892 nuair a phós sí Pádraig (Peatsaí Flint) Ó Gaoithín ón mBlascaod Mór, agus d'aistrigh sí ansin leis.

Bhí Peig Sayers ina cónaí ar an oileán go dtí an bhliain 1953, nuair a tréigeadh na Blascaodaí ar fad. Bhog sí go hospidéal an Daingin. Fuair sí bás ansin sa bhliain 1958, agus tá sí curtha i reilig Dhún Chaoin.

Peig Sayers: Saol, Saothair, Féach freisin 
an Blascaod Mór

Seanchaí

Peig Sayers: Saol, Saothair, Féach freisin 
an Blascaod Mór

Seanchaí agus scéalaí den scoth ab ea í. Ach ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aici, cé go raibh sé ar a cumas Béarla a léamh agus a scríobh de réir an daonáirimh. Ba dhual athar di é, nó nuair a bhí sí óg, chluineadh sí na mílte scéalta agus eachtraí á n-insint ag a hathair agus é ag déanamh airneáin le fir an bhaile.

Scaip a cáil mar scéalaí agus í fós ina bean óg agus thosaigh scoláirí aitheanta ar chuma Carl Marstrander agus Robin Flower ag bailiú scéalta uaithi.

Peig Sayers: Saol, Saothair, Féach freisin 
Uaimh

Dheachtaigh sí a cuid scéalta do Sheosamh Ó Dálaigh (bhí sé ar dhuine den bheagán bailitheoirí lánaimseartha a chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann ag obair i dtríochaidí an 20ú haois).

Pearsantacht

Ard-chomhluadar ab ea í agus lán de ghreann agus de rógaireacht. Ní raibh sí cúngaigeantach in aon aon chor ach a mhalairt, an-oscailte. "Is léir gur laoch í Peig sa lá atá inniu ann ó thaobh an fheimineachais de, feimineachas a bhfuil brí nua leis sa lá atá inniu ann."

Saothair

Le cabhair a mic, Mícheál Ó Gaoithín, foilsíodh a leabhar dírbheathaisnéise 'Peig' sa bhliain 1936.

I measc na leabhar eile inar breacadh a cuimhní cinn tá Machnamh Seanamhná agus Beatha Pheig Sayers.

Do bhailigh Coimisiún Bhéaloideas Éireann suas le 375 scéal ó Pheig, breis agus 5,000 leathanach lámhscríofa.

A dírbheathaisnéise, Peig

Tá cáil uirthi go háirithe de bharr a dírbheathaisnéise, Peig. Ba é a mac, Micheál, a bhreac an scéal síos uaithi, agus foilsíodh an leabhar sa bhliain 1936.

Sa bhliain 1962 a cuireadh 'Peig' ar churaclam na hArdteiste don chéad uair. Rinne na glúinte de dhaltaí meánscoile in Éirinn staidéar ar an leabhar sin agus bhí mórán acu nach raibh buíoch de Pheig bhocht. Bhí seanabhlas ag mórán air toisc deacracht na teangan agus duairceas an chuntais, dar leo.

Rinneadh leabhar roghnach don saothar sa bhliain 1995. Mar sin féin roghnaigh mórán múinteoirí an leabhar do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméarachta. Athraíodh an curaclam sa bhliain 1999 agus scriosadh an leabhar 1999.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

  • Cllár faisnéise faoi Pheig a stiúraigh an déantóir scannán Breandán Feiritéar
  • Paddywhackery, Sraith TG4 (2007)

Tagairtí

Tags:

Peig Sayers SaolPeig Sayers SaothairPeig Sayers Féach freisinPeig Sayers Naisc sheachtrachaPeig Sayers TagairtíPeig Sayers1873195829 Márta8 NollaigDírbheathaisnéisSeanchaíÉire

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Teangacha CeilteachaAn EoraipLiopard sneachtaBratach na SíneUmkhonto we SizweEolaíocht shóisialtaBrían Ó FiannachtaBaile fearainnTammi TerrellWayback MachineFAn Chéad ChrosáidComhlathas na NáisiúnLá Idirnáisiúnta na mBanArdchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um DhídeanaitheSheffield ManorTeaghlachRonnachLéasarPortán faoilinne SeapánachDùn ÈideannSan MairíneAn tAontas SóivéadachOllscoil Stáit MoscóAngaíleGás nádúrthaAip shoghluaisteSéasGaeltacht na nDéiseSan Críostóir-NimheasAigéanMuireAn MheaspatáimSeanad Stáit Aontaithe MheiriceáCoileánAn tAontas Eacnamaíoch EoráiseachCúige UladhFódAn AlbáinThe SpongeBob SquarePants MovieInis (baile)GaeilgeAuraicept na n-ÉcesSaigheadFíachna Lonn mac CóelbadDaon-Phoblacht na hIon-MhongóileEolaíocht/teicneolaíocht na SíneThe SaturdaysBinidSApple Inc.Na hAintillíDRoy BluntEllen DeGeneresMustardDas KapitalVicenzaAn MheánmhuirComhdháil na Stát AontaitheAn Chearnóg DheargMeicsiceoAn GhearmáinMoscóGizaKelly ClarksonMuintir na hÉireannEagraíocht Chonradh an Atlantaigh ThuaidhAibítirAn Chóiré TheasPríomh-Aire na Ríochta AontaitheJohn ReidySiocAn tSeoirsia🡆 More