Tá Natsuo Kirino (桐野 夏生 - Kirino Natsuo) á úsáid mar ainm cleite ag Mariko Hashioka (r.
7 Deireadh Fómhair 1951 in Kanazawa i Maoracht Ishikawa), úrscéalaí Seapánach ar cuid suntais í sa slua scríbhneoirí mná atá ag scríobh scéalta bleachtaireachta sa tSeapáin.
Ainm sa teanga dhúchais | (ja) 桐野夏生 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 7 Deireadh Fómhair 1951 72 bliana d'aois Kanazawa, An tSeapáin |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Seikei |
Gníomhaíocht | |
Gairm | úrscéalaí, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1984 – |
Seánra | Úrscéal |
Teangacha | An tSeapáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | kirino-natsuo.com |
Bhí Kirino ina cónaí ina lán cathracha sular chuir sí fúthu i dTóiceo, mar a bhfuil sí fós. Phós sí sa bhliain 1975 agus rugadh a hiníon sa bhliain 1981.
Bhain sí céim sa dlí amach in Ollscoil Seikei sa bhliain 1974. Is iomaí post a bhí aici sular shocraigh sí ina tríochaidí ar dhul le scríbhneoireacht, agus níor tháinig aoibh na léitheoirí uirthi go dtí go raibh sí ina daichidí.
Chuaigh Kirino i mbun oibre mar scríbhneoir sa bhliain 1984 agus í ag scríobh úrscéalta rómánsacha. Ach ní mór an glaoch a bhí ar a leithéidí agus go luath sna 1990í ghéill sí don fhonn a bhí uirthi scéinséirí a scríobh agus iniúchadh a dhéanamh ar aigne an choirpigh. Tá mórán úrscéalta scríofa aici anois agus a lán cnuasach gearrscéalta, agus tá sí ar na húdair is mó a bhfuil tóir orthu sa tSeapáin.
Chuirfeadh a saothar scéalta Meiriceánacha faoi bhleachtairí crua i gcuimhne duit, ach is iomaí dearcadh agus insint atá ann agus gan aon saininsint údarásach le fáil chun an léitheoir a threorú.. Murab ionann is an chuid is mó de scéalta faoi bhleachtairí crua-intinneacha, is minic atá príomhcharachtar mná in úrscéalta Kirino, de shaghas an bhleachtaire Miro Murano, bean a chuireann cor san ghnáthinsint agus í ina laoch agus ina híospartach araon.
Is minic an t-uaigneas le fáil ina saothar, agus é á chur in iúl freisin go bhfuil saol na Seapáine truaillithe ag an maoin, go háirithe i gcúrsaí teaghlaigh agus grá.
Is iondúil go dtugtar cuntas ina leabhair ar mhná a dhéanann gníomhartha uafáis, i dtreo go bhféadfaí a saothar a mheas mar “fheimineachas noir”. Tá craiceann na fírinne ar a scéalta agus is féidir leis an léitheoir fíorthuiscint a fháil ar aigne na mban dá bharr.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Natsuo Kirino, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.