Is é is micreathonnán nó oigheann micreathonnta ann ná gléas cócaireachta ina n-úsáidtear micreathonnta, is é sin, radaíocht a bhfuil minicíocht agus tonnfhad na radathonnta is airde minicíochta, nó is lú tonnfhaid, aici.
D'fhéadfá a rá go bhfuil na micreathonnta idir na gnáth-radathonnta agus an radaíocht infridhearg (an radaíocht teasa). Is é an tonnfhad is tipiciúla ag na micreathonnta san oigheann den chineál seo ná 12.24 cm, agus é ag freagairt do mhinicíocht 2.45 GHz. Is é an rud atá ag tarlú le linn úsáid an mhicreathonnáin ná go bhfuil na micreathonnta ag dul tríd an mbia agus an bia ag glacadh fuinnimh chuige ó na tonnta tríd an bpróiseas ar a dtugtar téamh tréleictreach. Tá a lán móilíní ann, sa bhia féin, a bhfuil móimint dhépholach ag baint leo, is é sin, is féidir pol leictreach diúltach agus pol leictreach deimhneach a aithint ar an móilín, ós rud é nach bhfuil na leictreoin scaipthe cothrom ar fud an mhóilín. Faoi thionchar na micreathonnta, tosóidh na móilíní seo ag iarraidh iad féin a chur faoi ordú a cheadódh dóibh pol diúltach a chur in aice le pol deimhneach an mhóilín eile agus a mhalairt. Ansin, tosóidh siad ag rothlú, agus is é an rothlú seo is cúis leis an téamh.
Tá an t-uisce comhdhéanta as móilíní dépholacha, agus mar sin, oibríonn an micreathonnán go maith air. Ní bhíonn na móilíní saille nó siúcra chomh maith céanna á dtéamh, ós rud é nach bhfuil siad chomh dépholach leis an uisce. Ní bhíonn mórán maithe sa mhicreathonnán leis an uisce sioctha (oighear) a théamh ach an oiread, ós rud é nach bhfuil cead rothlaithe ag na móilíní uisce i gcriostal an oighir.
Is minic a shíltear go dtéitear an bia sa mhicreathonnán "ón taobh istigh", is é sin, go ngintear an teas taobh istigh den bhia. Ní mar sin atá, áfach. Is é dromchla an bhia is mó a ghlacann teas ón radaíocht micreathonnta, díreach mar a bhíonn ag tarlú i ngnáth-oigheann. Scéal eile ar fad é go mbíonn na micreathonnta, go háirithe na micreathonnta is airde minicíochta agus is giorra tonnfhaid, in ann dul síos trí dhromchla an bhia an áit a bhfuil sé tirim.
Is iad comhpháirteanna an mhicreathonnáin ná:
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Micreathonnán, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.