Imreoir leadóige Meiriceánach, de shliocht Éireannach, ab ea Maureen Connolly (17 Deireadh Fómhair 1934 - 21 Meitheamh 1969), agus duine de na himreoirí leadóige ab fhearr a bhí riamh ann.
Baisteadh ‘Little Mo’ uirthi.
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 17 Meán Fómhair 1934 San Diego, California | ||||||||||||||||
Bás | 21 Meitheamh 1969 34 bliana d'aois Dallas, Texas (Stáit Aontaithe Mheiriceá) | ||||||||||||||||
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse agus ailse ubhagáin) | ||||||||||||||||
Áit adhlactha | Hillcrest Cemetery (en) | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Southern Methodist University (en) | ||||||||||||||||
Airde | 1.65 m | ||||||||||||||||
Lámhcheannas | Deasógacht | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | imreoir leadóige | ||||||||||||||||
Tréimhse oibre | ? – Feabhra 1955 | ||||||||||||||||
Tír spóirt | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||||||||||||||
Spórt | leadóg | ||||||||||||||||
Lámh imeartha | deasógacht | ||||||||||||||||
Príomhchóitseálaí | Harry Hopman | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||
Céile | Norman E. Brinker (1955–1969) | ||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | mcbtennis.org… | ||||||||||||||||
I San Diego i California a saolaíodh Maureen Connolly ar an 17 Deireadh Fómhair 1934. Oifigeach i gCabhlach Mheiriceá ab ea a hathair, Martin Connolly, agus ba as Montana dá máthair Jessamine. Scaradar siúd lena chéile nuair nach raibh an leanbh ach ceithre bliana d’aois.
Agus í ag éirí aníos, is éard a deirtí léi nuair a chuireadh sí tuairisc a hathar gurbh amhlaidh a maraíodh i dtimpiste é. Ní nach ionadh, chreid Maureen sin go dtáinig an lá gur thug sé cuairt uirthi in ospidéal agus cóir leighis ag dul ar ghortú a d’fhág go mb’éigean di éirí as an imirt agus gan í ach scór bliain d’aois.
Agus í ag freastal ar an scoil bheag, bhí Maureen an-tógtha leis an leadóg. Ach ba i dtreo an cheoil a mhol a máthair di a dhul – ba cheoltóir gairmiúil an dara fear a phós sise.
Bhí sé fánach aici – bhí siad beirt cráite ag an gcailín beag agus í ag impí orthu raicéad leadóige a cheannach di. Bhí sí deich mbliana d’aois nuair a fuair sí a mian. $1.50 a tugadh air agus murar baineadh úsáid as – Maureen ag cleachtadh trí agus ceithre huaire an chloig in aghaidh an lae. Bhí an t-ádh freisin uirthi gur bhuail scoth an chóitseálaí léi – Eleanor ‘Teach’ Tennant.
Lasmuigh den chúirt leadóige, cailín óg séimh, mánla ab ea an Conghaileach. Ina cuid imeartha bhí sí fíochmhar agus fuil an bhua thar a bheith láidir ina cuislí. I 1947, agus gan í ach 13 bliana d’aois, d’imir sí i gcomórtas measctha dúbailte le Ted Schroeder a raibh craobhacha Wimbledon agus na Státaí buaite aige.
An bhliain dár gcionn, 1948, bhí sí ar an mbean ab óige (14 bliana) a bhuaigh Craobh Náisiúnta na Stát Aontaithe riamh agus.
Ní raibh ‘Little Mo’ 17 bliana d’aois féin nuair a bhuaigh sí Craobh Náisiúnta na mBan sna Stáit Aontaithe i 1951, rud a rinne sí arís an bhliain dár gcionn agus arís i 1953. Ba í Seaimpín na mBan i Wimbledon i 1952 agus i 1954 í (tháinig sí go hÉirinn i ndiaidh na gcomórtas sin an dá bhliain chéanna gur bhuaigh sí Craobh na hÉireann).
Sa bhliain 1953 rinne Connolly éacht nach raibh déanta ag aon imreoir leadóige ban riamh roimhe sin nuair a bhuaigh sí an Churadhmhír nó an Grand Slam – craobhacha na hAstráile agus na Fraince aici chomh maith le cinn Wimbledon agus na Státaí, in imeacht aon bhliain amháin. Ó shin d’éirigh le Margaret Court (1970) agus le Steffi Graf (1988) an gaisce céanna a dhéanamh, ach b’óige Connolly ná ceachtar acu.
Bhronn an Associated Press an gradam ‘Lúthchleasaí Mná na Bliana’ uirthi i 1951, 1952 agus 1953 agus ba í a bhí ar bharr Ord Fiúntais na mBan sa Leadóg i 1952, 1953 agus 1954.
Ní raibh Connolly na scór bliain féin nuair a bhain gortú di a d’fhág go raibh deireadh lena cuid imeartha. Ar dhroim capaill a bhí sí nuair a scanraíodh an t-ainmhí agus chaith sé an marcach isteach faoi leoraí. Déanadh praiseach dá cos agus cé go raibh súil ag Maureen féin agus ag na dochtúirí a bhí ag tabhairt aire di go mbeadh ar a cumas filleadh ar an imirt, ar an 22 Feabhra 1955 d’fhógair ‘Little Mo’ go raibh deireadh lena cuid imeartha – gan í 21 bliain d’aois féin.
Agus í féin agus a fear céile ag cur fúthu i Dallas, bhuail ailse ubhagáin an Conghaileach agus bhásaigh sí ansiúd ar an 21 Meitheamh 1969 in aois a 34 bliain.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Maureen Connolly, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.