Is í Marie Godard an t-ainm cleite atá ar Marie-Josée Charbonneau, scríbhneoir de chuid Québec a rugadh ar 7 Lúnasa 1952 i Montréal i gCeanada.
Is deirfiúr í leis an amhránaí agus scríbhneoir Christine Charbonneau.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Lúnasa 1952 71 bliana d'aois Montréal, Quebec |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teaghlach | |
Siblín | Christine Charbonneau |
Tá Marie Godard ar an duine is óige de cheathrar cailíní. Rinne sí staidéar ar theangacha agus ar litríocht chomhaimseartha agus bhain amach dioplóma léinn choláiste (Diplôme d'études collégiales) in Cégep de Saint-Laurent. Ina dhiaidh sin bhíodh sí ag obair mar aistritheoir i gcomhlacht i Montréal, agus ansin shocraigh sí ar staidéar a dhéanamh ar bhainistíocht i rang oíche in Ollscoil Montréal.
I 1976 bhuail sí le Nicolas Marssac, údar agus ealaíontóir, agus phós sí é i 1981. D’fhág sí a post agus d’éirigh as a cuid staidéir chun an Áise a bhaint amach le Marssac, agus bhí siad ag obair le chéile ann ar feadh cúig bliana déag, i Mainile, i dTóiceo, in Osaka/Kobe agus i mBéising, sular fhill siad ar Québec i 1992. Agus í thar lear d’oibrigh Marie i gnóthaí riaracháin, obair ar lean sí di i Montréal. I 2000 chuaigh sí féin agus Marssac chun na Fraince agus chuir fúthu láimh le Cordes sur Ciel san iardheisceart, taobh tíre ar fáisceadh Marrsac as.
Ina cónaí sa tSeapáin di chaith Marie Godard ceithre bliana ag foghlaim conas cré a mhúnlú i scoil photaireachta i dTóiceo agus rinne ealaín cheirmeach ar feadh breis is fiche bliain. Bhí saotharlann agus siopa ag Marie agus ag Nicolas ar feadh trí bliana in Cordes-sur-Ciel, áit ar thaispeáin siad pictiúir Nicolas agus saothair cheirmeacha Marie. I 2005 chuir siad "Artistes sur ciel" ar bun, cumann ealaíontóirí agus ceardaithe. Orthu sin bhí cairde leo ar phéintéirí, dealbhadóirí agus ceirmeoirí iad. D’fhág Marie an cumann tar éis di éirí as an gceirmeacht.
Ní dheachaigh Marie i mbun pinn go dtí gur fhiafraigh Franck Spengler, stiúrthóir eagarthóireachta Éditions Blanche i bPáras,, agus an té a chuir an chéad úrscéal de chuid Nicholas Marrsac, "L'arrière-boutique", in eagar, gur fhiafraigh sé di an mbeadh sí sásta a leagan féin d’úrscéal éarótach a scríobh.
Toisc go raibh sí ag obair ag an am sa Théâtre Le Colombier i sráidbhaile Cabannes, láimh le Cordes-sur-Ciel, d’fhan sí go dtí 2011 sular thosaigh sí a céad leabhar.. D’fhoilsigh Éditions Blanche an úrscéal sin, "Échanges virtuels" (Malairtí Fíorúla), i Mí na Samhna 2011. Ghnóthaigh sé duais Évian don chéad úrscéal éarótach (Salon du livre érotique d'Évian) i 2012.
I Mí Dheireadh Fómhair 2013 d’fhoilsigh I.S. Édition, foilsitheoir de chuid Marseille, bailiúchán gearrscéalta éarótacha (agus feimineacha) ar theideal dó "Histoires de femmes" (Scéalta Ban). Bhí sé ghearrscéal sa bhailiúchán agus iad ag cur síos ar an saol ón ógantacht go dtí an aois.
Tar éis "Échanges virtuels" d’fhoilsigh I.S. Édition "Cinq jours, quatre nuits" (Cúig Lá, Ceithre Oíche), úrscéal ina ngabhann na pearsana ón bhfíorúlacht go dtí an réaltacht.
D’fhoilsigh I.S. Édition an ceathrú leabhar le Marie Godard, "Soumise, vous avez dit soumise?" (Umhal, deir tú umhal?) ar 21 Márta 2015.
Tá scéalta le Marie Godard le fáil i mbailiúcháin dhifriúla.
Tá ceann de na scéalta úd, 'L'éveil de Laurence' (Dúiseacht Labhrais), foilsithe i mbailiúchán de chuid Éditions Blanche, "Secrets de femmes" i Mí Eanáir 2012. Tháinig scéal eile, 'La loi de l'emmerdement maximum' (Dlí na Cisí is Mó), amach i Mí Iúil 2012 sa bhailiúchán "Les vacances pourries" (An tSaoire Mhillte) (Edicool). D’fhoilsigh La Musardine scéal eile le Marie Godard, 'Regards dans la nuit' (Súile san Oíche), sa bhailiuchán "Osez... 20 histoires de voyeurs et d'exhibitionnistes".
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Marie Godard, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.