Ceiliúrtar an Lá Domhanda gan Tobac ar an 31 Bealtaine gach bliain.
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Lá | 31 Bealtaine |
Bunaitheoir(í) | Eagraíocht Dhomhanda Sláinte |
Príomhábhar | smoking ban (en) |
Suíomh gréasáin | who.int… |
Bíonn duine amháin as gach beirt a bhaineann triail as caitheamh tobac ina chaiteoir tobac agus gheobhaidh duine as gach beirt chaiteoirí tobac bás ó ghalar a bhaineann le tobac.
Tá sé mar aidhm ag an feachtas Not Around Us / Níl inár dtimpeall spreagadh a thabhairt do dhaoine a chaitheann tobac agus a bhíonn ag vápáil gan a bheith ag caitheamh nó ag vápáil timpeall ar dhaoine eile.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhís HSE Quit chun tacaíocht a fháil.
Eagraíodh cúpla tionscnamh a raibh tacaíocht airgid acu ón rialtas.
Chuir an tionscnamh "Éire Shláintiúil' i bhfeidhm ar fud an Rialtais chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do dhaoine le roghanna sláintiúla a dhéanamh ina saol. Bhí bearta nua ar bun, mar shampla, chun bia sláintiúil agus leibhéil shláintiúla de ghníomhaíochtaí fisiciúla a chur chun cinn.
Tharla méadú suntasach ar an bpraghas agus an dleacht mháil íosta ar tháirgí tobac, rud a leagadh síos i mBuiséad 2019.
Eagraíodh in Éirinn an tionscnamh "Ag Tacú le Mná atá ag Iompar Clainne Éirí as Tobac agus gan Tobac a Chaitheamh Arís". Is é an timpeallacht sa bhaile an fachtóir is mó a bhfuil tionchar aige ar an dóchúlacht go gcaithfidh daoine tobac nuair atá siad níos sine.
Roghnaíodh Éire chun óstáil a dhéanamh ar an gcéad Chomhdháil Dhomhanda eile ar an Tobac nó an tSláinte sa bhliain 2021, rud arb é an phríomhchomhdháil ar shaincheisteanna tobac é.
Téama feachtais domhanda 2022 : “Tobac: Bagairt dár timpeallacht” ag ardú feasacht faoi thionchar tobac ar an dtimpeallacht (saothrú, táirgeadh, dáileadh agus fuíollábhar).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lá Domhanda gan Tobac, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.