Is amhránaí Meiriceánach í Linda Maria Ronstadt (rugadh 15 Iúil, 1946) a sheinn agus a thaifead i seánraí éagsúla lena n-áirítear rac-cheol, ceol tíre, mion-cheoldráma, an Great American Songbook, agus ceol Laidineach.
Thuill sí 11 Ghradam Grammy, trí 3 American Music Awards, 2 Ghradam Academy of Country Music, Gradam Emmy, agus Gradam ALMA. Deimhníodh go leor dá halbaim ór, platanam nó ilplatanam sna Stáit Aontaithe agus go hidirnáisiúnta. Tá ainmniúcháin faighte aici freisin do Ghradam Tony agus do Ghradam Golden Globe. Bhronn Academia Latina de la Grabación/ Academia Latina da Gravação (Gaeilge: Acadamh Taifeadta na Laidine), an gradam 'Grammy Lifetime Achievement Award' uirthi in 2011 agus bhronn 'The Recording Academy' an gradam 'Grammy Lifetime Achievement Award' uirthi in 2016. Ionduchtaíodh í isteach san 'Rock and Roll Hall of Fame' i mí Aibreáin 2014. Ar an 28 Iúil 2014, bronnadh Bonn Náisiúnta na nEalaíon agus na nDaonnachtaí uirthi. Sa bhliain 2019, fuair sí réalta i gcomhpháirt le Dolly Parton agus Emmylou Harris ar an Hollywood Walk of Fame as a gcuid oibre mar an grúpa Trio. Bhí Ronstadt i measc cúigear onóraí a fuair 'Kennedy Center Honors' 2019 as éachtaí ealaíne ar feadh an tsaoil.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Linda Ronstadt, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.