Is seomra agus gaireas ina scaoileann daoine fual agus cac é an leithreas (nó ionlann).
Is gaireas é ar nós suíochán le poll mór os chionn umar agus méid áirithe uisce san umar. Suíonn daoine ar an suíochán seo agus ligeann siad amach as a gcoirp an t-ábhar bréan. Brúitear cnaipe agus sruthlaítear uisce isteach san umar. Iompraíonn an t-uisce an cac agus an fual as an umar.
De bharr gur féidir le fir múnadh gan dua ag seasamh, tá ionlann faoi leith ann dóibh arbh ainm fualán. Níl suíochán ar sin.
I dtíortha áirithe amhail an tSeapáin, ní shuíonn daoine ar an leithreas; bíonn siad ag gogaireacht. Cinntíonn sé seo nach mbíonn a dtóineanna i dtadhaill leis an suíochán féin. Mar gheall go mbíonn daoine leo féin sa leithreas, is breá leo bromanna a scaoileadh fad is atá siad ann.
Tarlaíonn galair (dinnireacht, fiabhras tíofóideach, mar shampla) nuair a bhíonn caighdeáin na sláintíochta go dona.
Ceiliúrtar Lá Domhanda na Leithreas ar an 19 Samhain.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Leithreas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.