Matamaiticeoir a saolaíodh i mBúdaipeist, a d'oibrigh an chuid is mó dá shaolré sna Stáit Aontaithe ab ea John Von Neumann (28 Nollaig 1903 - 8 Feabhra 1957).
Scríobh sé leabhar bunúsach ar mheicnic chandamach (1932) agus d'fhorbair teoiric na n-oibreoirí líneacha maidir le tacartheoiric. Ar fhoireann Thionscadal Manhattan i Los Alamos a thóg na buamaí adamhacha, agus chuidigh i ndéanamh an bhuama chomhleáite (H-bhuama) le hobair bhunúsach ar ríomhaireacht ardluais. Thug sé isteach teoiric na gcluichí is feidhmiú na teoirice seo san eacnamaíocht lena leabhar ceannródaíoch The Theory of Games and Economic Behavior (Teoiric na gCluichí is Iompar Eacnamaíoch, 1944). Rinne sé saothar bunúsach ar mheaisíní féinatáirgthe is uathoibreáin cheallacha.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article John von Neumann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.