Aisteoir Sasanach is ea John Adedayo B.
Adegboyega (r. 17 Márta 1992). Déanann sé aisteoireacht faoin ainm John Boyega. Aithnítear é go mór mhór as a ról mar Finn in Star Wars: The Force Awakens (2015), an seachtú scannán sa tsraith úd Star Wars, agus sa scannán a tháinig ar a shála sa bhliain 2017, mar atá Star Wars: The Last Jedi. Tharraing Boyega aird an phobail sa Ríocht Aontaithe air féin den chéad uair as a róle mar Moses sa scannán coiméideach ficsean eolaíochta Attack the Block (2011).
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) John Adedayo Adegboyega 17 Márta 1992 32 bliana d'aois Londain, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Greenwich Westminster City School (en) Identity School of Acting (en) South Thames College (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoir agus aisteoireacht |
Gairm | aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, aisteoir |
Tréimhse oibre | 2011 – |
Teangacha | Béarla agus Pidsean na Nigéire |
Gradam a fuarthas
| |
|
Bhí páirt aige freisin sa scannán drámata staire Detroit (2017), i gceithre eipeasóid den tsraith theilifíse 24: Live Another Day agus sa dráma Imperial Dreams (2014). Bronnadh an gradam BAFTA Rising Star Award ar Boyega sa bhliain 2016.
Is de chúlra Nigéarach iad tuismitheoirí Boyega. Rugadh é féin in Peckham, Londain.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article John Boyega, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.