Idirghníomhú Lag

Is é atá san idirghníomhú lag nó fórsa núicléach lag ná ceann de na 4 fórsaí bunúsacha idir cháithníní fo-adamhacha, mar aon leis an leictreamaighnéadas, an t-idirghníomhú láidir, agus an imtharraingt.

Is mar thoradh ar W nó Z bósón a mhalartú a chruthaítear an fórsa lag, mar a thugtar air uaireanta. Is é an t-idirgnhíomhú lag is cúis le béite-mheath (meath radaighníomhamh ina dtiontaíonn prótón chun bheith ina neodrón trí leictreon agus fríth-neoidríonó a chur amach). Bíonn an fórsa lag "lag" mar gheall ar mhais ard an W agus a Z a iompraíonn an fórsa. Tá mais acu siúd atá ~80-90 níos mó ná mais an phrótóin, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-idirghníomhú gearr-raonach go leor i gcomparáid leis na bhfórsaí eile.

Idirghníomhú Lag
Is é is cúis leis an meath radaighníomhach béite ná an idirghníomhú lag, a chlaochlaíonn neodrón go prótón, leictreon, agus leictreoin antaineodríonó.

Tá neart tréithe sainiúla ag an idirghníomhú lag. Is é an t-idirghníomhú lag an t-aon idirghníomhú go bhfuil ar a chumas cuarc de shaghas amháin a thiontú go cuarc de shaghas eile. Deineann an t-idirghníomhú idirdhealú ar bhonn paireachta---ní bhaineann sé ach le cáithníní ciotacha. Is gné sainiúil freisin go bhfuil mais ag iompróirí an idirghníomhaithe.

Tá dhá cháithnín ann a iompraíonn an fórsa seo. Tá lucht leictreach ag ceann acu, an W bósón. Is féidir leaptón luchtaithe a thiontú ina neoidríonó trí W-cháithnín a chur amach, nó cuarc a thiontú go aon chuarc eile nach bhfuil an lucht leictreach céanna is atá ag an gcéad cheann. Tá an Z bósón neodrach ó thaobh a luchta de, agus cosúil ar bhealach leis an bhfótón, ach go bhfuil sé ar a chumas idirghníomhú le neoidríonónna.

De réir na teoirice leictrealaige, tá dlúthbhaint idir an t-idirgnhíomhú lag agus an leictreamaighnéadas. Ceaptar dur dhá ghné iad d'aon fhórsa bunúsach anois. Is é an bósón Higgs a thugann mais do na cáithníní bunúsacha sa teoiric seo, agus tá fisiceoirí ar a thóir siúd ag an LHC faoi láthair.

Tags:

Idirghníomhú láidirImtharraingtLeictreamaighnéadasLeictreonNeodrónNeoidríonóPrótón

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

MatamaiticStairTeangacha CeilteachaCéadaoin an BhraithAn tIoslamDavid Ben-GurionCoccymys albidensPríomhleathanachJerry SeinfeldOspidéalNicearagua1272BirminghamDiúcacht na BriotáineFoirmle cheimiceachNaomh PádraigMinneapolis, MinnesotaBaile Átha CliathHorst KöhlerMarlee MatlinNiúmóineAn BhrasaílScothscéaltaCearrbhachasPen-y-bont ar OgwrMuir OcatscBatailitGaeilge na hAlbanTraeinEvonne GoolagongBreacánMichelle ObamaCúirt Uachtarach na Stát AontaitheFanaileCúmánaighCéasadh ÍosaRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireannAmhasCumarsáidAn tAigéan CiúinBrú na BóinneAhmadachAn Afraic Theas v. Iosrael (Coinbhinsiún um Chinedhíothú)ComhriachtainNetflix1938TwitterIdi AminLitir Naomh Pól chuig na GalátaighAn OranócóLionel MessiIúpatar (pláinéad)Colún reathaMeáin sruthaitheStáit Aontaithe MheiriceáAstaitínBéal FeirsteThomas MoreAn tAigéan AtlantachSclábhaíocht1754Rachel CarsonBogearraí saoraAiltireachtFungasAn IndinéisSeoirse III na Breataine Móire agus na hÉireannBirmingham, AlabamaPailé-ointeolaíochtDamhna dorcha14 Meitheamh🡆 More