Fealsamh, dlíodóir agus polaiteoir Sasanach ab ea Sir Francis Bacon, an chéad bhíocunta St Alban (22 Eanáir 1561 – 9 Aibreán 1626).
I gColáiste na Tríonóide, Cambridge, Ollscoil Poitiers agus Ósta Gray a cuireadh oideachas air.
Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1582.
Toghadh chun Theach na dTeachtaí é sa bhliain 1581. Bhí sé ar thús cadhnaíochta i measc na bhfeisirí go dtí gur uaislíodh é sa bhliain 1618. Mar sin féin, le linn d'Eilís bheith i réim, is beag a fuair sé de bharr na iarrachtaí a rinne sé bheith mór leis an mBanríon, cé gurbh é an chéad duine riamh ar tugadh "Abhcóide na Banríona" air agus ar tugadh paitinn tosaíochta dó, sa bhliain 1597.
Ag an am sin, bhí aithne air mar dhuine a mbíodh athchóiriú agus simpliú an dlí á moladh aige, in éineacht le saoirse sibhialta agus saoirse reiligiúin. Bhí sé i measc na gcéad daoine a mhol go n-aontófaí Sasana, Alban agus Éire agus go mbunófaí coilíneachtaí Sasanacha i Meiriceá Thuaidh.
Chuaigh sé ar sochar dó tar éis do Shéamas I teacht i gcoróin. Bhí sé ina Ard-Aighne ó 1613 go 1618 agus ina Ard-Seansailéir ó 1618 go 1621.
Cuireadh as oifig é mar gheall ar líomhaintí éillithe, ar chuir a chéile comhraic fadtéarmach An Ridire Edward Coke tús leo. Bítear ag cur is ag cúiteamh fós faoi cad chuige ar admhaigh sé go raibh sé ciontach. Gearradh fíneáil £40,000 air agus cuireadh i dTúr Londan é ar chaoithiúlacht an rí. Cé gur ligeadh amach é tar éis cúpla lá, ní raibh seans ar bith aige oifig poiblí a bhaint amach arís.
Le linn an díomhaointis éigeantaigh seo, dhírigh Bacon isteach ar a chuid gníomhaíochtaí léannta.
Sa lá atá inniu ann, is mó atá aithne air mar gheall ar an méid a rinne sé ar son fhealsúnacht (agus cleachtadh) eolaíocht na linne seo, mar dhuine a mhol an sceipteachas, an bhreathnóireacht agus an réasúnaíocht ionduchtach mar an t-aon bhunús amháin leis an eolas eolaíochta.
Aistí an-dlútha a scríobh sé. Thionscain sé modh ionduchtach na heolaíochta turgnamhaí don fhealsúnacht. Chríochnaigh sé dhá chuid dá iarracht chun eolas an duine a atheagrú,
a thug spreagadh láidir don mhodh eolaíoch mionscrúdaithe a d'fhás ina dhiaidh sin.
Scríobh sé The New Atlantis (Atlantas Nua, 1627), cur síos ar útóipe a bhí bunaithe ar phrionsabail eolaíochta.
Síltear go forleathan go raibh tionchar mór ar an dlí coiteann — thar na céadta bliain ina dhiaidh sin, ar a laghad — ag na hiarrachtaí a rinne sé úsáid a bhaint as na modhanna céanna chun teacht ar na prionsabail agus na rialacha atá taobh thiar de.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Francis Bacon, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.