Airí a léiríonn héiliam leachtach ag teocht faoi bhun -271 °C: bíonn a shlaodacht cothrom le nialas, agus ní thugann sé aon fhriotaíocht do shreabhadh.
Léiríonn héiliam forshreabhach airíonna neamhchoitianta, mar shampla, an cumas snámh amach as soitheach, de réir dealraimh, ar neamhchead don domhantarraingt, agus ní féidir é a chur ag casadh mar is féidir a dhéanamh le réad soladach. Is sampla í an fhorshreabhacht d'iompar candamach, ach ar scála is féidir a fheiceáil go díreach. Piotr Kapitza a d'fhionn an fhorshreabhacht i héiliam-4 ag 2.19 K i 1938, agus léirigh David Lee, Douglas Osheroff is Robert Richardson forshreabhacht héiliam-3 ag .003 K i 1972. Tá an-suim i bhforshreabhacht héiliam-3 mar ábhar tástála i gcomhair iarmhairtí candamacha in ábhar comhdhlúite.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Forshreabhacht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.