Scoláire na Sean-Ghaeilge agus Litríochta Ceiltí ba ea Edward John Gwynn (Ráth Mealtain, Dún na nGall 1d Aibreán 1868 – 10ú Feabhra 1941 Baile Átha Cliath).
Bhí sé fosta ina phropast Choláiste na Tríonóide ón mbliain 1927 go dtí 1937 agus ina Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1934 go 1937.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Aibreán 1868 Ráth Mealtain, Éire |
Bás | 10 Feabhra 1941 72 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Cholm Cille, Baile Átha Cliath Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Teangacha Ceilteacha |
Gairm | údar, teangeolaí |
Fostóir | Ollscoil Átha Cliath, múinteoir ollscoile (1907–) |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Teaghlach | |
Céile | Olive Mary Ponsonby (1905–) |
Páiste | John David Gwynn, Edward Harold Gwynn, Lucy Margaret Gwynn, Arthur Montagu Gwynn, Olive Ruth Gwynn |
Athair | John Gwynn agus Lucy Josephine O'Brien |
Rugadh Edward John (E.J.) Gwynn, at Aughnagaddy in Ráth Mealtain, Contae Dhún na nGall. John Gwynn D.D. agus Lucy Josephine O'Brien ba ea a thuistí.
D'fhreastail sé ar St Columba's College, Ráth Fearnáin, agus tar éis sin Coláiste na Tríonóide. Sa bhliain 1888, bhain sé scoláireacht amach le léann clasaiceach. Bhain sé céim le gradam amach, ag bua boinn óir i léann clasaiceach chomh maith le heitic agus loighic. Sa bhliain 1893, toghadh é ina Chomhalta an Choláiste.
Thosaigh Gwynn ansin ag déanamh taighde ar an Sean-Ghaeilge, faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann. Toghadh ina bhall den Acadamh sa bhliain 1896, agus dhá bhliain níos deireanaí ceapadh é ina Ollamh le Teangacha Ceilteacha. Bhí sé ina Uachtaráin an Acadamh idir na blianta 1934 agus 1937. D'fhoilsigh Gwynn an-chuid alt agus aistriúchán, ina measc a eagrán den Dinnseanchas, téacsanna faoi shaol na manach i dTamhlacht agus catalóg de lámhscríbhinní an Acadaimh.
Sa bhliain 1903, bhí Gwynn páirteach i mbunú Scoil an Léinn Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath, agus é ina léachtóir agus gobharnóir. Idir na blianta 1905 agus 1915, chuaigh sé i mbun seirbhíse leis an Commission for National Education. Sa bhliain 1907, ceapadh é mar an gcéad Léachtóir le Teangacha Ceilteacha i gColáiste na Tríonóide.
Timpeall an ama seo, moladh plean conspóideach chun coláiste nua a bhunú le haghaidh daltaí Caitliceacha amháin, ceangailte go cónaidhmeach le Coláiste na Tríonóide. Mheas that the plan would prove unworkable, Gwynn nárbh fhéidir a lán úd a chur i bhfeidhm, agus labhair sé amach ina choinne. Caitheadh an plean i dtraipisí ina dhiaidh sin.
Le linn a shaoil, bronnadh ar Gwynn roinnt mhaith aitheantais as ucht a chuid oibre ar son scoláireachta Éireannaí. Fuair sé céim D.Litt.Celt. ó Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1926, agus céimeanna dochtúra onóracha eile ó ollscoileanna Oxford, Glasgow, Wales agus Durham.
Sa bhliain 1927, ceapadh Gwynn ina Phrapast Choláiste na Tríonóide. D'oibrigh sé go dtí gur éirigh sé tinn leis an eitinn, a bhuail air don chéad roimh 1913 agus b'éigean dó éirí as a phost sa bhliain 1937. Rinneadh Comhalta Onórach de ag an am sin.
Tar éis a bháis, thóg comhghleacaí leis chun cuimhne ní amháin a éirim aigne, ach freisin:
Phós Edward Gwynn le hOlive Mary Ponsonby (1881–1970), iníon le Colonel Justinian Gordon Ponsonby, sa bhliain 1906. Bhí chúigear clann acu:
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Edward Gwynn, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.