Deartháracha Karamazov

Is é Na Deartháracha Karamazov (Rúisis: Братья Карамазовы), an t-úrscéal deireanach a scríobh Fyodor Dostoyevsky.

Chaith Dostoyevsky beagnach dhá bhliain ag scríobh Na Deartháracha Karamazov, a foilsíodh mar shraith san irisleabhar Ру́сский ве́стник (An t-aralt Rúiseach) ó Eanáir 1879 go Samhain 1880. Fuair Dostoevsky bás níos lú ná ceithre mhí tar éis a fhoilsithe. Tá cáil air mar cheann de na saothar is fearr i litríocht an domhain. Is úrscéal fealsúnach é atá suite sa Rúis sa 19ú haois, a dhéanann iniúchadh domhain ar cheisteanna Dé, saorthoil agus moráltachta. Is dráma diagachta é a phléann le fadhbanna an chreidimh, an amhrais, agus réasún i gcomhthéacs na Rúise ag an am, le plota bunaithe ar ábhar an athairmharaithe. Chum Dostoevsky cuid mhór den úrscéal in Staraya Russa, a spreag an príomhshuíomh.

WD Bosca Sonraí LeabharDeartháracha Karamazov
(ru) Братья Карамазовы Cuir in eagar ar Wikidata(Brát’ya Karamázovy)
Deartháracha Karamazov
An chéad leathanach den chéad eagrán Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarFyodor Dostoyevsky Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Rúisis Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánImpireacht na Rúise, 1880 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1878
FoilsitheoirRusskiy vestnik
Foilsithe iRusskiy vestnik Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuidThe Grand Inquisitor (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraficsean srathaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaImpireacht na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Gluaiseachteiseachas Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith

Cúlra

Bhreac Dostoyevsky síos na chéad nótaí don Deartháracha Karamazov i mí Aibreáin 1878. Bhain sé usáid as gnéithe agus téamaí ó thionscadal neamhchríochnaithe níos luaithe a chuir sé tús leis i 1869 dar teideal An saol peacaigh mór. Meastar gurb é scéal neamhcríochnaithe eile, Dráma i dTobolsk (Драма. В Тобольске), an chéad dréacht den chéad chaibidil den Deartháracha Karamazov. Scríobh Dostoyevsky i 1874 é agus insíonn sé scéal faoi dhúnmharú ficseanúil i Staraya Russa a rinne saighdiúir darbh ainm Dmitry Ilynskov (bunaithe ar shaighdiúir ón bhfíorshaol as Omsk) a cheaptar a dhúnmharaigh a athair. Ina Dialann Scríbhneora (Dheireadh Fómhair 1877) luaigh Dostoyvsky "saothar litríochta atá ag teacht le chéile i ngan fhios dom agus go neamhdheonach ionam le dá bhliain anuas". Chlúdaigh an Dialann an iliomad téamaí agus saincheisteanna, a ndéanfaí cuid acu a iniúchadh níos doimhne sna Deartháracha Karamazov. Ina measc bhí athairmharú, dlí agus ord, agus fadhbanna sóisialta difriúla.

Tháinig scríbhneoireacht Deartháracha Karamazov faoi néal bróin tragóid phearsanta: i mBealtaine 1878, fuair Alyosha, mac Dostoyevsky a bhí trí bliana d'aois, bás den titimeas, breoiteacht a fuair sé óna athair. D'ainmnigh Dostoyevsky laoch an úrscéil Alyosha, agus thug sé tréithe ba mhó a raibh meas aige dó. Léirítear a chailliúint freisin i scéal an Chaptaein Snegiryov agus a mhac óg Ilyusha. I ndiaidh bás a mhic, chúlaigh Dostoyevsky go Mainistir Optina níos déanaí sa bhliain. Fuair sé inspioráid ansin do Deartháracha Karamazov, agus is ansin a athraigh an t-úrscéal ó scéal faoi leanbaíocht go ceann ina bhfuil reiligiún agus creidimh na gnéithe is suntasaí sa scéal.

Achoimre

Leabhar a hAon: Stair teaghlaigh áirithe

Cuirtear i láthair an teaghlach Karamazov agus insítear scéal a gcuid staire. Tugtear croinic na bpóstaí Fyodor Pavlovich, chomh maith lena neamhshuim faoi thógáil a thriúr leanaí. Bunaíonn an reacaire freisin na pearsantachtaí éagsúla a bhí ag an triúr deartháireacha Karamazov agus na cúinsí inar fhill siad ar ais ar bhaile a n-athar. Críochnaíonn an chéad leabhar le cur síos ar thraidisiún misteach Ceartchreidmheach de na Seanóirí. Is móidín Alyosha don Seanóir sa mhainistir áitiúil.

Leabhar a Dó: Tionól míchuí

Tosaíonn Leabhar a Dó leis an teaghlach Karamazov ag teacht chuig an mhainistir ionas gur féidir leis an Seanóir Zosima feidhmiú mar idirghabhálaí idir Dmitri agus a athair ina n-aighneas faoin oidhreacht. Cheap an t-athair Fyodor Pavlovich go mbeadh sé barrúil an cruinniú a tionól in áit chomh naofa i láthair an Seanóir iomráiteach. Scriosann a iompar maslach agus gríosaitheach gach seans athmhuintearais, agus níl toradh ar bith as an gcruinniú ach fuath níos déine agus scannal. Tá fínéad sa leabhar seo freisin ina dtugann an Seanóir Zosima sólas do bhean ag caoineadh bás a mic trí bliana d’aois. Is ionann brón na mná bochta agus tragóid Dostoyevsky féin nuair a fuair a mhac óg Alyosha bás.

Leabhar a Trí: Drabhlásaithe

Tugann an tríú leabhar tuilleadh sonraí ar an triantán suthain idir Fyodor Pavlovich, a mhac Dmitri, agus Grushenka. Téann Dmitri i bhfolach in aice le teach a athar féachaint an dtiocfaidh Grushenka. Déantar iniúchadh ar a phearsantacht i gcomhrá fada le Alyosha. Níos déanaí an tráthnóna sin, briseann Dmitri isteach i dteach a athar agus ionsaíonn sé é. Agus é ag imeacht, tugann sé bagairt air le teacht ar ais agus é a dhúnmharú. Cuireann an leabhar seo Smerdyakov agus a bhunús i láthair freisin, chomh maith le scéal a mháthar, Lizaveta Smerdyashchaya. Ag deireadh an leabhair, feiceann Alyosha an t-uirísliú a rinne Grushenka ar Katerina Ivanovna a bhí geallta le Dmitri.

Leabhar a Ceathair: Stolltaí

Sa chuid seo tugtar isteach scéal thairis a thiocfaidh chun cinn arís níos déanaí san úrscéal. Tosaíonn sé le Alyosha ag breathnú ar dream buachaillí scoile ag caitheamh clocha ar dhuine dá bpiaraí tinn darb ainm Ilyusha. Nuair a thugann Alyosha amach do na buachaillí agus déanann sí iarracht cuidiú a thabhairt, baineann Ilyusha plaic as méar Alyosha. Tagann sé chun solais níos déanaí gur ionsaigh Dmitri athair Ilyusha, iar-chaptaen darb ainm Snegiryov, agus tharraing sé i ngreim féasóg as teach tábhairne é. Is gearr go bhfaigheann Alyosha amach faoi na cruatan eile a fhulaingt ag an teaghlach Snegiryov agus tairgeann sí airgead d’iar-chaptaen mar leithscéal dá dheartháir agus chun cabhrú le bean chéile agus leanaí Snegiryov tinn. Tar éis dó an t-airgead a ghlacadh le lúcháir ar dtús, caitheann Snegiryov ar an dtalamh é agus trampálann sé síos sa phuiteach é, sula ritheann sé ar ais isteach ina theach.

Leabhar a cúig: Pro agus contra

Sa phairt seo, cosnaíonn Ivan Karamazov an idé-eolaíocht réasúnaíoch agus nihilíoch a bhí ar fud na Rúise ag an am seo agus é ag argóint lena dheartháir Alyosha i mbialann. Sa chaibidil dar teideal "Reibiliún", fógraíonn Ivan go ndiúltaíonn sé don domhan a chruthaigh Dia toisc go bhfuil sé tógtha ar bhunús na fulaingthe. Sa chaibidil is cáiliúla b’fhéidir san úrscéal, “An Cúistiúnaí Mór”, insíonn Ivan do Alyosha dán a chruthaigh sé ina chuireann sé síos theagmháil idir ceannaire ón Chúistiúnacht Spáinneach agus Íosa, a d’fhill ar an Domhan. Léiríonn sé an fhreasúra idir cúis agus creideamh i monalóg cumhachtach an Cúistiúnaí Mór a thugann cuairt ar an bpríosún san oíche tar éis ordú Íosa a ghabháil.

Cén fáth a tháinig tú anois chun bac a chur orainn? Óir tá tú tagtha chun bac a chur orainn, agus tá a fhios agat nach bhfuilimid ag obair leatsa ach leis-sean [An Diabhal] ... Ghlacamar uaidh an rud a dhiúltaigh tú le drochmheas, an bronntanas deiridh sin a thairg sé duit, ag taispeáint duit ríochtaí uile an domhain. Thógamar an Róimh agus claíomh Caesar uaidh, agus d'fhógair muid féin mar rialtóirí an domhain.

Cuireann an tInquisitor Mór i leith Íosa gur bhrúigh sé "ualach" na saorthola ar an gcine daonna. Ag deireadh argóintí fada An Chúistiúnaí Mhóir, tógann Íosa céim chun cinn go ciúin agus tugann sé póg don seanfhear ar a bhéal. Baineann sé stangadh ceart as An Cúistiúnaí Mór agus téann sé go croí ann. Deir sé dó nach mór dó teacht ar ais arís, agus scaoileann sé saor é. Tar éis dó an scéal a chloisteáil, téann Alyosha chuig Ivan agus tugann sé póg ar a bheola dó. Scairteann Ivan le gliondar, agus scarann na deartháireacha le gean agus meas ar a chéile.

Leabhar a Sé: An manach Rúiseach

Insíonn an séú leabhar stair an tSeanóra Zosima agus é i mbéal an bháis ina chill. Míníonn Zosima go bhfuair sé a chreideamh ina óige reibiliúnach, tar éis gníomh do-mhaite in aghaidh a sheirbhíseach iontaofa, rud ba chúis lena chinneadh a bheith ina mhanach. Seanmóir Zosima go gcaithfidh daoine maithiúnas a thabhairt do dhaoine eile trína bpeacaí agus a gciontacht féin a admháil rompu. Míníonn sé nach bhfeidir aon pheaca a phlé as féin, rud a fhágann go bhfuil gach duine freagrach as peacaí a gcomharsana. Seasann Zosima d'fhealsúnacht a fhreagraíonn d’fhealsúnacht Ivan, a thug dúshlán cruthú Dé sa leabhar roimhe seo.

Leabhar a Seacht: Alyosha

Tosaíonn leabhar a seacht díreach tar éis bhás Zosima. Creidtear go forleathan sa bhaile agus sa mhainistreach nach lobhann corpáin na bhfíor-naofa. Mar sin is mór an t-uafás nuair a thosaíonn an corp Zosima ag meath ní hamháin, ach go dtosaíonn an bpróiseas beagnach díreach tar éis a bháis. Laistigh den chéad lá, tá an boladh dofhulaingthe cheana féin. Caitheann sé seo amhras ar an meas a bhí ag go leor daoine ar Zosima roimhe seo. Goilleann an slad ar ainm Zosima go mór ar Alyosha go háirithe. Beireann duine de chompánaigh Alyosha sa mhainistir - Rakitin - buntáiste ar shoghontacht Alyosha chun cruinniú a shocrú idir é féin agus Grushenka. Seachas Alyosha a thruailliú, áfach, spreagann Grushenka creideamh agus dóchas nua in Alyosha, agus cuireann an cruinniú tús le proiseas slánaithe spioradálta ag Grushenka trí tionchar Alyosha. Déantar dlúthchairde díobh. Críochnaíonn an leabhar le hathghiniúint spioradálta Alyosha agus é ag pógadh an talamh lasmuigh den mhainistir agus racht goil air. Téann sé ar ais amach sa domhan, mar a d'ordaigh a Sheanóir, agus a creidimh athneartaithe.

Leabhar a hOcht: Mitya

Baineann an chuid seo go príomha le tóraíocht mhístuama Dmitri ar airgead chun éalú le Grushenka. Tá airgead amuigh ag Dmitri ar Katerina Ivanovna, agus cheapfaidh sé gur gadaí é mura bhfaighidh sé an t-airgead chun í a íoc ar ais sula dtosóidh sé ar a chúirtéireacht ar Grushenka. Téann Dmitri i dteagmháil le bronntóir Grushenka, Samsonov, a sheolann chuig baile in aice láimhe é ar ghealltanas bréagach de mhargadh gnó. Ar feadh an ama, tá imní ar Dmitri go bhféadfadh Grushenka dul chuig a athair agus é a phósadh mar gheall ar a shaibhreas agus a ghealltanais mhóra. Nuair a fhilleann Dmitri óna scéiméireacht mírathúil, tugann sé Grushenka chuig teach a bronntóra, ach tuigeann sé ina dhiaidh sin gur cuir sí dallamullóg air agus gur imigh sí go luath.

Tugann sé ruathar faoi theach a athar le tuairgnín práis ina láimh agus buile feirge air. Agus é ag spiaireacht air ón bhfuinneog, tógann sé an tuairgnín as a phóca. Tá easpa leanúnachais san insint anseo, agus tá Dmitri ag rith go tobann ón áitreabh a athar. Déanann an searbhónta Gregory iarracht stop a chur leis, ag béicíl "Athairmharú!", ach buaileann Dmitri é sa cheann leis an tuairgnín. Creideann Dmitri gur mharaigh sé an seanfhear, agus déanann sé iarracht cúram don chréacht lena ciarsúr, ach tuggan sé isteach agus tugann sé do na boinn é.

Feictear Dmitri an chéad uair eile ar mearbhall ar an tsráid, clúdaithe le fuil, le moll airgid ina láimh. Faigheann sé amach go bhfuil an duine a raibh luaite le Grushenka tagtha ar ais agus a thabhairt go dtí lóiste í. Tar éis dó é seo a fhoghlaim, luchtaíonn Dmitri cairt le bia agus fíon agus íocann sé as fleá ollmhór chun aghaidh a thabhairt ar Grushenka faoi dheireadh i láthair a seanleannán, agus rún aige é féin a mharú le breacadh an lae. Is é an "leannán dlisteanach" Polannach tútach a dhéanann iarracht séitéireacht ar chluiche cártaí. Nuair a nochtar a chaimiléireacht, teitheann sé, agus is gearr go n-insíonn Grushenka do Dmitri go bhfuil sí i ngrá leis. Díreach mar atá Dmitri agus Grushenka ag déanamh pleananna chun pósadh, agus an cóisir faoi lánseol fós, tagann na póilíní isteach sa lóiste agus cuireann siad in iúl do Dmitri go bhfuil sé faoi ghabháil mar gheall ar dhúnmharú a athar.

Leabhar a Naoi: An Réamh-fhiosrúchán

Pléann an naoú leabhar sonraí faoi dhúnmharú Fyodor Pavlovich agus cuireann sé síos ar cheastóireacht Dmitri, a áitíonn go bríomhar go bhfuil sé neamhchiontacht. Is é an chúis a mhaítear don choir ná robáil. Bhí a fhios nach raibh leathpingin ag Dmitri níos luaithe an tráthnóna sin, ach chonacthas ansin é leis na mílte rúbal go gairid i ndiaidh dhúnmharú a athar. Idir an dá linn, d'imigh na trí mhíle rúbal a chuir Fyodor Pavlovich ar leataobh do Grushenka. Míníonn Dmitri gur tháinig an t-airgead a chaith sé an tráthnóna sin ó thrí mhíle rúbal a thug Katerina Ivanovna dó le cur chuig a deirfiúr. Chaith sé leathchuid de ag a chéad chruinniú le Grushenka, oíche phótaireachta eile, agus d'fhuaigh sé an chuid eile in éadach, agus é ar intinn aige é a thabhairt ar ais do Katerina Ivanovna. Ní chuireann sé seo ina luí ar na himscrúdaitheoirí. Díríonn an fhianaise ar fad i dtreo Dmitri; ba é an t-aon duine eile a bhí sa teach ag am an dúnmharaithe (seachas Gregory agus a bhean chéile) ná Smerdyakov, a bhí fágtha ar éagumas de bharr taom titimeas a fhuair sé an lá roimhe. Mar thoradh ar an bhfianaise ollmhór ina choinne, cúisítear Dmitri go foirmiúil as an dúnmharú agus tugtar chun príosúin é chun fanacht ar a thriail.

Leabhar a Deich: Buachaillí

Leanann scéal na mbuachaillí  scoile agus Ilyusha ón leabhar a ceathair ar aghaidh. Tosaíonn an leabhar le tabhairt isteach an buachaill óg Kolya Krasotkin sa scéal. Is buachaill fíoréirimiúil é Kolya a fhógraíonn a aindiachas, a sóisialachas, agus a chreideamh i smaointe Eagnaíochta na hEorpa. Baineann  Dostoyevsky úsáid as creideamh Kolya, go háirithe i gcomhrá le Alyosha, chun scigaithris a dhéanamh ar a chuid cáinteoir a bhí ar son smaointe agus luachanna an Iarthair, trína gcuid focal a chur i mbéal buachaill óg nach dtuigeann i ndáiríre cad a bhfuil sé ag caint faoi. Tá Kolya tuirseach tinn den saol agus bíonn sí i gcónaí ag crá a mháthair trí é féin i gcontúirt. Mar chuid de chleas luíonn Kolya idir ráillí iarnróid agus tiomáineann traein thairis. Baineann sé amach saghas cáil as an t-éacht. Tá ómós ag na buachaillí eile go léir do Kolya, go háirithe Ilyusha.

Tá an breoiteacht Ilyusha imithe in olcas de réir a chéile ó d’fhág an scéal é i leabhar a ceathair, agus deir an dochtúir nach bhfuil seans go dtiocfaidh feabhas air. Titeann Kolya agus Ilyusha amach faoin drochíde Ilyusha ar mhadra: thug Ilyusha píosa aráin dó inar chuir sé biorán, mar a d'iarr Smerdyakov air. Ach a bhuíochas le hidirghabháil Alyosha tá na buachaillí scoile eile ag réiteach de réir a chéile le Ilyusha, agus is gearr go dtéann Kolya leo ag taobh a leapa. Is anseo a bhuaileann Kolya le Alyosha sa chéad uair agus tosaíonn sé athmhachnamh a dhéanamh ar a chreidimh nihilíocha.

Leabhar a haon déag: An Bráthair Ivan Fyodorovich

Déanann an leabhar seo cur síos ar thionchar Ivan Fyodorovich orthu siúd timpeall air agus a mheathlúchán i ngealtacht. Buaileann Ivan le Smerdyakov trí uair, ag iarraidh go géar fáil amach cé a rinne an dúnmharú agus an raibh baint ar bith ag Smerdyakov, agus é féin sa chir. Ar a ndeiridh cruinniú, admhaíonn Smerdyakov go lig sé taom titimis air féin, go ndúnmharaigh sé Fyodor Pavlovich, agus ghoid sé an t-airgead, a thugann sé d'Ivan. Ní chreideann Smerdyakov maíomh Ivan go bhfuil iontas air faoi seo. A mhalairt ar fad, maíonn sé go raibh baint ag Ivan leis an dúnmharú trí insint do Smerdyakov cén t-am a bheadh sé ag fágáil teach Fyodor Pavlovich, agus níos tábhachtaí fós trí chur ina luí ar Smerdyakov go "gach rud ceadaithe in éagmais Dia."

Críochnaíonn an leabhar le siabhránacht Ivan ina dtugann an diabhal cuairt air, i bhfoirm fear uasal falsa bithiúnach atá ar an ngannchuid trína chuid smaointe a pearsantú agus scigléiriú a dhéanamh orthu. Cuirtear isteach ar an tromluí nuair a bhuailtear an fhuinneog: cuireann Alyosha in iúl dó gur crochadh Smerdyakov é féin. Cé go n-imíonn an diabhal, fanann Ivan i ngealtacht agus é ag sciolladh neamhréasúnach. Cuireann a iompar aiféaltas ar Alyosha agus déanann sé iarracht suaimhniú a chur air, ach éiríonn an rámhaille Ivan níos dothuigthe. Faoi dheireadh titeann sé ina tromchodladh.

Leabhar a dó dhéag: Dearmad bhreithiúnach

Leagann an leabhar seo amach sonraí triail Dmitri Karamazov as dúnmharú a athar. Aorann Dostoyevsky an dráma sa chuirt go géar. Léirítear na fir san áiléar poiblí mar dhúramáin thútacha, agus na mná gafa le scéal triantáin suthain idir Dmitri, Katerina agus Grushenka. Faigheann gealtacht Ivan an ceann is fearr air agus tarraingtear amach as an seomra cúirte é tar éis a imíonn a iarracht fianaise a thabhairt faoi Smerdyakov le rámhaille dothuigthe. Is é an cor cinniúnach sa triail fianaise cáinteach Katerina. Cosnaíonn sí Ivan go paiseanta agus tréigeann sí a cur chuige ‘onórach’ i leith Dimitri. Baineann sí amach litir a scríobh Dmitri nuair a bhí sé ar meisce ag rá go maródh sé a athair. Críochnaíonn an leabhar le ráiteas clabhsúir ón ionchúisitheoir agus ón abhcóide cosanta agus an fíorasc go bhfuil Dmitri ciontach.

Eipealóg

I dtús an chuid dheireanach tugtar eolas faoi phlean a forbraíodh chun Dmitri a shaoradh óna phríosúnacht de fiche bliain sa tSibéir. Ní dhéantar cur síos iomlán air, ach is cosúil gur cuid den plean go mbreabfadh Ivan agus Katerina roinnt gardaí. Faomhann Alyosha go cáiréiseach, toisc go mbraitheann sé nach bhfuil Dmitri réidh chun géilleadh do phianbhreith chomh crua sin, go bhfuil sé neamhchiontach, agus nach mbeadh aon gortú déanta ar na gardaí ná oifigigh as cuidiú leis an éalú. Tá sé beartaithe ag Dmitri agus Grushenka éalú go Meiriceá agus talamh a shaothrú ar feadh roinnt blianta, agus ansin filleadh ar an Rúis faoi ainmneacha Meiriceánacha, toisc nach féidir leo shamhlú maireachtáil gan an Rúis.

Impíonn Dmitri Katerina cuairt a thabhairt air san ospidéal, áit ina bhfuil sé ag teacht chuige féin ó thinneas, sula n-aistrítear chun na Sibéire é. Nuair a thagann sí, gabhann Dmitri leithscéal as í a ghortú; gabhann sí a leithscéal as an litir inchoiritheach a nochtadh le linn na trialach. Aontaíonn siad grá a thabhairt dá chéile go deo, cé go bhfuil siad i ngrá le daoine eile. Críochnaíonn an t-úrscéal ag sochraide Ilyusha, agus a chairde buachaill scoile ag éisteacht le oráid Alyosha. Geallann sé cuimhneamh orthu agus impíonn sé orthu grá a thabhairt dá chéile agus Ilyusha a mheabhrú i gcónaí. Ceanglaíonn siad lámha, agus filleann siad ar ais go dinnéar na sochraide, ag tabhairt ardmholadh d'Alyosha.

Tagairtí

Leabharliosta

Frank, Joseph (2010). Dostoevsky: A Writer in His Time. Princeton University Press. ISBN 978-0-691-12819-1.

Lantz, Kenneth A. (2004). The Dostoevsky Encyclopedia. Greenwood Publishing Group. ISBN 978-0-313-30384-5.

Tags:

Deartháracha Karamazov CúlraDeartháracha Karamazov AchoimreDeartháracha Karamazov TagairtíDeartháracha Karamazov LeabharliostaDeartháracha KaramazovAn RúisFyodor Dostoyevsky

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Plandálacha na hÉireann1555Joe BidenAn tSean-ÉigiptÍosa CríostPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)SallustiusBarack ObamaBolzanoAn BhriotáinFáinneAn Afraic Theas v. Iosrael (Coinbhinsiún um Chinedhíothú)Sliabh LuachraMeáin sruthaitheAn IndinéisKarenLitríocht na SeapáineDaon-Phoblacht na SíneJohn F. KennedyTramAn fearann poiblíDomhanArm Phoblacht na hÉireann (APÉ)An RúisBMWSkibidi ToiletFéinmharúDuineLeac RosettaAn CóránEdwin HubbleLionel MessiStaitisticLitir Naomh Pól chuig na GalátaighJeanne d'ArcBairéin1921Ada LovelaceHenrik IbsenAn Foras Gael-MheiriceánachIonsaithe 11 Meán FómhairFealsúnachtFeamainnThomas MoreFisic1790The BeatlesCarles PuigdemontOllscoil PittsburghLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaSkypeFrogNáisiún IoslamAn Araib ShádachCecilia Payne-GaposchkinCorbin BleuMobyTuatha dé DanannRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannJiohádAstaitínFilidDuddestonMichela MurgiaCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014Le CorbusierFeimineachasTeicneolaíochtNa Meáin ShóisialtaNaoi (fáidh)MyPods and BoomsticksSanta Cruz de TenerifeSamhail Tagartha OSIAn tAigéan Atlantach🡆 More