Críostóir Ó Floinn: File agus drámadóir Éireannach

Údar ildánach ba ea Críostóir Ó Floinn (a rugadh i Luimneach ar 18 Nollaig 1927 agus a d'éag 9 Deireadh Fómhair 2023), ar dhuine de na scríbhneoirí is bisiúla agus is ildánaí a bhí sa tír seo sa bhfichiú haois.

D’fhoilsigh sé os cionn trí scór saothar i nGaeilge agus i mBéarla – úrscéalta, gearrscéalta, aistriúcháin, drámaí, filíocht, drámaí don raidió agus don teilifís chomh maith le colúin nuachtáin.

Infotaula de personaCríostóir Ó Floinn
Beathaisnéis
Breith18 Nollaig 1927
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Deireadh Fómhair 2023
95 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Saol

Mí na Nollag 1927 a rugadh Ó Floinn i gcathair Luimnigh. Fuair sé a chuid scolaíochta ó Shiúracha na Trócaire, ó oidí tuata agus ó na Bráithre Críostaí.

Ní raibh Ó Floinn ach deich mbliana d’aois nuair a thosaigh sé ag cumadh drámaí agus dánta i mBéarla agus ina chuid déaga tosaigh sé ag scríobh i nGaeilge chomh maith.

Oileadh ina mhúinteoir bunscoile é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, BÁC agus bhain céimeanna sa Litríocht agus san Oideachas amach sa gColáiste Ollscoile ansin agus i gColáiste na Tríonóide.

Sa mbliain 1952 phós Ó Floinn agus Rita Beegan agus saolaíodh seachtar clainne dóibh.

D’fhág Ó Floinn an mhúinteoireacht i 1960 agus chaith sé tamall ag obair le Bord Fáilte. Is as an obair sin a d’eascair dráma dá chuid, Is É Dúirt Polonius. Chaith sé tamall ag plé leis an gcraoltóireacht agus bhíodh colún aige i nuachtán an Irish Press ar feadh ocht mbliana. Is iomaí sin iris in Éirinn, sa mBreatain agus sna Stáit Aontaithe a d’fhoilsigh dánta agus gearrscéalta le Críostóir. Rinne sé an-chuid aistriúchán chomh maith, as teangacha eile chomh maith leis an nGaeilge. D’aistrigh sé na chéad trí canto den Divina Commedia a scríobh Dante.

Saothar

Drámaíocht

Léiríodh cuid dá chuid drámaí in Amharclann na Mainistreach agus ba eisean an chéad drámadóir ar bronnadh sparánacht na hamharclainne sin air. Mar sin féin, diúltaíodh do dhá dhráma dá chuid ar bhonn na moráltachta agus dá bharr sin briseadh faoi dhó as poist mhúinteoireacht é, i 1962 agus arís i 1968. Dhiúltaigh Amharclann na Mainistreach dá dhráma Cóta Bán Chríost/The Order of Melchizedek, á chur ina leith go raibh an dráma diamhaslach i nGaeilge agus i mBéarla, cé gur bhuaigh an dráma céanna dhá ghradam – gradam an Oireachtais agus agus Duais an Chraoibhín.

Léiríodh drámaí Béarla leis in amharclann na Mainistreach agus in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath agus sa Lyric i mBéal Feirste. Cuireadh ar stáitse drámaí Gaeilge leis i dTaibhdhearc na Gaillimhe, sa Damer agus sa Phéacóg. Bhí Ó Floinn ina bhall tofa d’Aosdána.

Filíocht

Foilsíodh dháréag leabhar filíochta leis agus ar an saothar sin bhí croinic fhileata a scríobh sé ag comóradh 100 bliain de Chumann Lúthchleas Gael ina raibh 5,000 líne. ‘Centenary’ a thug sé ar an dán sin agus cuid de i nGaeilge agus é i meadaracht Chúirt an Mheán Oíche a scríobh Brian Merriman. Dhá chnuasach filíochta leis is ea Van Gogh Chocolates, Aisling Dhá Abhainn (1977), agus Ó Fhás go hAois.

In 2021 d’fhoilsigh LeabhairComhar bailiúchán dá chuid filíochta Gaeilge faoin teideal Éigse Saoil. Consplawkus, A Writer’s Life a thug sé ar a chuimhní cinn.

Úrscéalta, gearrscéalta, srl

Ar chuid eile dá shaothar tá na húrscéalta, Lá Dá bhFaca Thú (1955), An tIolar Dubh agus Long na Marbh (1958), Séanaid Bás le hAdhart (1965), Learairí Lios an Phúca (1968). Ar na drámaí tá Mise Raifteirí an File (1974) agus Homo Sapiens (1985).

Chomh maith leis an saothar sin go léir d’fhoilsigh Ó Floinn gearrscéalta agus dhá leabhar eile dírbheathaisnéise, chomh maith le beathaisnéis Nano Nagle.

Cinsireacht

Leagadh tua na cinsireachta go minic ar a shaothar ach ní luaitear eisean nuair a bhíonn íobartaigh na cinsireachta á lua mar nár coinníodh ar an taifead ach an chinsireacht oifigiúil a rinneadh ar ábhar a bhain le cúrsaí gnéis. Tharraing an chinsireacht ar a chuid oibre go leor cainte agus rinneadh díospóireacht i nDáil Éireann faoina leabhar filíochta Ó Fhás go hAois, tráth a ndearnadh cinsireacht air.

Naisc sheachtracha

Rinne TG4 scannán faoina shaothar faoin teideal Leanann Trioblóid Leabhar.

Tagairtí

Tags:

Críostóir Ó Floinn SaolCríostóir Ó Floinn SaotharCríostóir Ó Floinn Naisc sheachtrachaCríostóir Ó Floinn TagairtíCríostóir Ó Floinn20239 Deireadh FómhairLuimneach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An BéarlaGramadach na GaeilgeUchtnochtDeartháireacha WrightRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann1991Riail dhíreach (Tuaisceart Éireann)SíceolaíochtLughCeoltóirí ChualannBaintreach dhubhGuinnessJavaLiosta de charachtair Eastenders (1993)AchtanimíocóisRóisín Ní ShoirtéilPrótacal Aistrithe HipirtéacsCumarsáidAn VicipéidCathair PheadairBaictéir Ghram-dheimhneachaAn IndiaAn tAigéan AtlantachDéardaoinIarúsailéimGustaf AdolfFostaíochtMo Hat Mo GheansaíBáidín FheilimíHenry David ThoreauCló Iar-ChonnachtNaomh ColmánLiosta tíorthaPtychodusAiltireachtLongÁine Ní GhlinnIónaUS OpenAlexander PushkinSlat na rígheAcmhainn.ieAn SpáinnisAn AigéineAn tSamhainZoolanderIKEAStairTaigh-òsta Taigh an RìghFéilire GhréagóraLáithreán GréasáinCeardchumannFeachtas GallipoliTalitha Cumi (eipeasóid The X-Files)AinmhíTriomachRichard WagnerÁird nan CrasgAn fearann poiblíAn IndinéisSufraigéidÉire (Poblacht na hÉireann)Kim Il-sungJammu agus an Chaismír (críoch aontais)SydneyLeonJohannes VermeerMiddlesex🡆 More