Rí leath-stáiriúl na Mumhan agus Ard-Rí na hÉireann den cheathrú haois ab ea Criofan Mór mac Fiodhaigh (Sean-Ghaeilge Crimthann Mór mac Fidaig).
Threascair sé críocha sa Bhreatain agus sa Ghaill, agus d'fhéadfadh gur aithníodh é mar Rí na hAlban. De réir Céitinn, ba í Fidheang, iníon rí Connacht anaithnid, bean chéile Chriomthainn Mhóir. Ní luaitear í áfach i bhfoinsí eile.
Rí rí na Mumhan | |
---|---|
Ardrí na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Déantar idirdhealú idir an Criofan seo agus ríthe eile den ainm céanna: beirt iar-Ard-Ríthe na hÉireann, beirt Ríthe na Laighean, agus rí na Mumhan, i measc eile. Go suntasach, tá sé ann sa Baile Chuinn Chétchathaig, agus más fíor, ba é Ard-Rí deireanach as an Mumhain go dtí Brian Bóramha, sé chéad bliain ina dhiaidh.
Ní amháin a bhfuil cur síos ar a réim ag Seathrún Céitinn agus a luaitear é in Annála na gCeithre Máistrí, tá ollról ag Criofan Mór i Scéalaíocht na Ríthe. Sna scéalta úd, tháinig Níall Noígíallach i gcomharbacht air mar Ard-Rí na hÉireann, agus Conall Corc mar Rí na Mumhan; agus sinsear an Triúir Chonnacht ab ea a dheirfiúr Mongfind, céad bhean chéile Eochada Mughmheadóin. Dá bharr, is teaghlach lárnach bhíodh is aduain é seo i miotais na ríshleachta móra Gaelacha na meánaoise.
Ba gharmhac Dáire Cerbba é Criofan de réir go leor foinsí (m.s. Rawlinson B 502), agus sinsear Uí Liatháin agus Uí Fidgenti. Meastar scaití gur luath-dhream na nEóganacht ab ea eisean agus a dheirfiúr, dream a d'éirigh nis deireanaí imeallach nó marbh. Is amhlaidh ámh, gur dhream éagsúil iad a raibh de shliocht Dáire Cerbba, b'fhéidir na Dáirine féin, a tugann dán aduaine Sean-Ghaeilge le Flann mac Lonáin le fios,.
Sa Bhanseanchas, tugtar ar Mhongfionn an bua-ainm "na nÉrnai", dream gaolta leis na Dáirine. Sa Leabhar Leasa Mhóir, deirtear gurbh iníon Dáire (Cerbba?) í Mongfionn, ní iníon Fhiadhaigh. Sa leabhar úd, tugtar Findchad Dáire'saor athair Dáire, agus níl Criofan Mór ann ar chor ar bith.
De réir Sanas Cormaic, thóg Criofan dún mór i gCorn na Breataine aitheanta mar Dind Traduí Is rí-léir go raibh sé i ndáiríre ann, agus tá iarrachtaí déanta ag seandálaithe agus teangeolaithe na Breataine an suíomh a aithint i gCorn nó sa Bhreatain Bheag, mar shampla ag Din Draithou, atá mar a chéile ó thaobh na foghraíochta. Meastar gur Dunster an lae inniu é Din Draithou, nó b'fhéidir dionn na hIarannaoise in aice láimhe, Bat's Castle. D'fhéadfadh go bhfuil sé gaolta le Dind map Letháin, dún coilíneach tógtha ag an gclann Uí Liatháin.
I bpáipear de 1926, pléann Eoin MacNeill go mion gluaiseacht chlann Uí Liatháin, ag áitiú ar son a gceannais ar ghabhála i ndeisceart Éirinn, agus ar son bhunú na ríshleachta, Brycheiniog. Is amhlaidh gurbh é Brychan, sinsear na Brycheiniog, i ndáiríre sinsear Uí Liatháin, Macc Brocc, agus i dteannta sin feictear an t-ainm Braccan i luathghinealaigh Uí Fidgenti agus Uí Dedaid, garmhuintir Uí Liatháin. Lena chois sin, ceanglaíonn MacNeill é seo go léir leis an gceannas in Éirinn agus leis an ngabháil sa Bhreatain dá gcol ceathrar, rí Criofan mac Fiadhaigh.
B'fhéidir gur shliocht den dream stairiúil Attacotti (circa 368) iad Criofan Mór agus clann Uí Liatháin.
Thug a dheirfiúr Mongfionn nimh dó go dtaga a mic i gcoróin. Fuair sí bás féin á dhéanamh, toisc gur ól sí bolgam nimhe chun aon amhras a dearthár a mhaolú. Ar turas i gcúige Mumhan, d'oibrigh an nimh, agus d'éag sé ann.
Tógadh go gasta cairn don rí, a d'fhéadfadh a bheith i dtrí suíomhanna. Is é Gleann na gCros, Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Contae an Chláir an chéad shuíomh, aitheanta mar Chnoc Righ Crimthann, agus tá iarsmaí an chairn an fós inniu. Tá an dara suíomh i mBaile Cónan, Míleac, Contae an Chláir. Chreidtí gurbh é Cónan céad ainm an rí. De réir Bhard Thuamhan, Michael Hogan, is é seo an fhíoráit,cé nach bhfaightear iarsmaí chairn ann inniu. Tá an tríú suíomh i nGleann na gCros freisin. Tá ann trí sheandacht in ailíniú thuaidh-theas: gallán, feart fáinneach, agus 'ionad seandálaíochta' mar a dtugtar air.
Réamhtheachtaí Eochaid Mugmedon | Ard-Rí na hÉireann ACM 365–376 FFÉ 351–368 | Comharba Níall Noígíallach |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Crimthann mac Fidaig, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.