Ord neamhchoitianta d'éisc is ea Coelacanthiformes ina mbíonn dhá speiceas atá ar marthain sa ghéineas Latimeria: Céalacant an Aigéin Indiaigh Iartharach a bhíonn ar fáil go príomha in aice leis na hOileáin Chomóra, amach ó chósta thoir na hAfraice (Latimeria chalumnae) agus an céalacant Indinéiseach (Latimeria menadoensis)..
Leanann siad an ginealach beo is sine ar eolas de chuid na Sarcopterygii (éisc liopa-eiteacha agus teitreapóid), rud a chiallaíonn go mbaineann siad níos dlúithe le héisc scamhógacha, reiptílí agus mamaigh ná le na héisc ga-eiteacha. Faightear iad ar feadh chósta an Aigéin Indiaigh agus Indinéisigh. Ós rud é nach bhfuil ach dhá speiceas de chéalacant agus an dá speiceas faoi bhagairt, is é an t-ord is mó d'ainmhithe atá i mbaolar fud an domhain é. Is é speiceas é céalacant an Aigéin Indiaigh Iartharach, atá i mbaol go criticiúil.
Latimeria chalumnae | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Eumetazoa |
Fíleam | Chordata |
Ord | Coelacanthiformes L.S.Berg, 1937 |
Baineann na céalacaint leis an fho-aicme Actinistia, ar ghrúpa d'éisc liopa-eiteacha iad a bhaineann le héisc scamhógacha agus héisc áirithe Deavónacha mar osteolepiforms, porolepiformes, rhizodontida, agus Panderichthys.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Coelacanthiformes, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.