Is éard is clúmhilleadh ann ná coincheap sa dlí ina gcuirtear bréag ar dhuine chun a chlú a mhilleadh.
Ráiteas clúmhillteach é ráiteas a cheapann baill réasúnta den tsochaí a dhéanann díobháil do do chlú. Níl ráiteas clúmhillteach más ráiteas fíor nó fíor go substainteach é.
San Acht um Chlúmhilleadh, 2009 leagadh amach go dtabharfaí “tort an chlúmhillte” ar thort an leabhail agus ar thort na béadchainte araon agus deirtear ann gurb éard atá i dtort an chlúmhillte ráiteas clúmhillteach maidir le duine a fhoilsiú, ar aon mhodh, do dhuine amháin nó do níos mó ná duine amháin (seachas an duine céadluaite), agus forléireofar “clúmhilleadh” dá réir. Reachtaítear freisin go [mb]aineann ráiteas clúmhillteach le duine más rud é go bhféadfaí a thuiscint uaidh le réasún gur dó nó di a thagraíonn sé.
Tá tort an chlúmhillte inchaingne gan cruthúnas ar dhamáiste speisialta.
Is in 2014 a gheall an rialtas athbhreithniú oifigiúil ar an dlí a bhaineann le clúmhilleadh. Níor thosaigh an obair i gceart go dtí 2016, nuair a d’fhógair Frances Fitzgerald (a bhí ina haire dlí agus cirt) go mbeadh deis ag an bpobal a dtuairimí a chur chun a roinne go dtí deireadh na bliana sin.
Baineann cuid mhór dá míshuaimhneas le costais dlí agus go háirithe leis na damáistí gan teorainn a bhronnann giúiréithe go minic ar ghearánaithe. Ní call do ghearánaí fianaise shubstaintiúil a chur faoi bhráid cúirte chun a éileamh go ndearna tuairisc a bhí bréagach nó míchruinn dochar mór dó a chruthú.
Foilsíodh dréacht-Bhille in 2023.
Ritheadh acht nua i dTuaisceart Éireann in 2022.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Clúmhilleadh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.