Tugtar Na Ceithre Thíogar Áiseacha (nó Na Ceithre Dhragún Áiseacha, Na Ceithre Dhragún Bheaga as Sínis agus Cóiréis) ar Hong Cong, Singeapór, an Chóiré Theas, agus an Téaváin, ar geilleagair fhorbartha in Oirthear na hÁise iad ar fad.
Idir na 1950idí agus na 1990idí luatha, chuaigh siad i mbun tionsclaíochta sciobtha agus chothaigh siad rátaí fáis níos mó ná 7 faoin gcéad in aghaidh na bliana.
Geilleagair ardioncaim a bhí iontu faoi thús an 21ú chéad: is lárionaid airgeadais idirnáisiúnta iad Hong Cong agus Singeapór, agus déantúsaíocht comhchodanna leictreonacha agus gléasanna an speisialtóireacht atá ag an gCóiré Theas agus Téaváin. Tá brú déanta ag institiúidí móra iad a úsáid mar eiseamláirí do thíortha i mbéal forbartha, go háirithe na Geilleagair Coileáin Tíogair in oirdheisceart na hÁise.
Dar le tuarascáil Míorúilt na hÁise Thoir foilsithe ag an mBanc Domhanda i 1993, beartais nualiobrálacha ba chúis leis an mborradh eacnamaíoch, lena n-áirítear díriú ar easpórtáil, cánacha ísle agus stáit leasa beaga. Fuarthas amach in anailísí institiúideacha go raibh méid áirithe idirghabhála stáit i gceist freisin, áfach. De réir roinnt saineolaithe, bhí tionchar i bhfad níos mó ag beartais tionsclaíochta agus idirghabháil stáit ná mar atá maíte i dtuarascáil an Bhainc Dhomhanda.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ceithre Thíogar Áiseacha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.