Ainm Laidine is ea Caledonia (an Chaladóin) a ghlaoigh na Rómhánaigh ar an tír ar thaobh ó thuaidh de chúige Britannia, arbh ionann go garbh agus Alba an lae inniu.
Ó am go ham, áfach, ba chuid d'Impireacht na Róimhe é an chuid sin de dheisceart na Caladóine, chomh fada ó thuaidh is an Balla Antonine. Sa lá atá inniu ann, feictear é ach amháin mar ainm rómánsach nó fileata d'Albain go léir.
Is dócha é go bhfuil an focal fréamhaith ó fhoinse P-Ceiltise. De réir Zimmer (2006), tá Caledonia fréamhaithe ón ainm treibhe Caledones (nó Calīdones), a thugann sé mar shanas "'le cosa crua', ag lua seasmhachta", óna fréamhacha Prótai-Cheiltise *kal-, "crua" agus *φēdo-, "cos". Ar an mbealach céanna, molann Moffat (2005) go bhfuil gaol ann idir an t-ainm agus an focal Breatnaise caled, "crua", ag lua b'fhéidir nó an tír chreagach nó cruas na ndaoine.
Deir Keay agus Keay (1994) ámh gurb amhlaidh é gur réamhCheilteach é an focal.
Mar a úsáideadh Tacitus, Tolamaes, Lucan agus Plinias Mór an t-ainm, Pictavia nó Tír na gCruithneach a bhíodh i gceist, an Alba den chuid is mó sa lá atá inniu ann, taobh ó thuaidh den Bhalla Haidrian (cé go bhfuil an balla úd laistigh de Shasana inniu).
Faightear ainm na gCaladónach i logainmneacha, amhail is Dùn Chailleann agus b'fhéidir an sliabh Sìdh Chailleann. De réir Historia Brittonum, foraois in Albain ba ea suíomh an seachtú catha de Rí Artúr, darbh ainm Coit Celidon as Sean-Bhreatnaise.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Caledonia, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.