Clg Chontae Aontroma

Eagraíocht spóirt é Cumann Lúthchleas Gael Chontae Aontroim, atá i gceannas ar na cluichí Gaelacha a imrítear i gContae Aontroma, faoi cheannas Chumann Lúthchleas Gael.

Contae Aontroma
Clg Chontae Aontroma
Béarla Antrim GAA
Cúige Cúige Uladh
Leasainm Saffrons/Glensmen
Dathanna Bán agus buí
Staid Páirc Mhic Asmaint, Béal Feirste
Spórt ceannasach Iomáint
Sraith Pheile Náisiúnta Roinn 4
Sraith Iomána Náisiúnta Roinn 1B
Craobh Pheile Corn Mhic Uidhir
Craobh Iomána Corn Uí Rinn
Peil na mBan Corn Bhreandáin Uí Mháirtín
Camógaíocht Corn Mhig Craith
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Stair

Ba sa bhliain 1885 a bunaíodh Gaeil Bhéal Feirste (nó Ceannródaithe Bhéal Feirste mar ab fhearr aithne orthu san am), an chéad chlub de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Aontroma. Is don Athair J. Ó Raghallaigh (arbh as Loch gCaol ó dhúchas dó) a théann an chreidiúint uile as bratach Mhicheál Uí Chíosóg a ardú sa chontae.

Go gairid ina dhiaidh sin tháinig ceithre chlub iomána eile ar an fhód, mar a bhí: Cláirsigh Bhéal Feirste, Lámha Dearga Lios na gCearrbhach, Club William Orr agus Raonairí Divis.

Díol spéise é, b’fhéidir, an mhír eolais a tháinig ón Ard-Chomhairle lena chur in iúl "go bhfuarthas £3 ó Aontroim mar tháillí ballraíochta don bhliain 1885."

I ndiaidh Scoilt Pharnell, d’imigh na cúig chlub in Aontroim in éag agus níor tugadh faoi Chumann Lúthchleas Gael a chur ar a bhonnaí arís sa chontae go dtí mí Dheireadh Fómhair 1898. Ba é Club Iomána na Craoibhe Rua, nuair a bunaíodh é, a chuir tús leis an ghluaiseacht. Chuir oifigigh an chlub ráiteas amach ag impí "ar fheara C.L.G. Aontroma agus Uladh an t-aighneas polaitiúil a bhí eatarthu a chur i leataobh agus seasamh le chéile arís eile de mheon na aontachta agus na cairdine faoi bhratach na sean-Ghael sa bhliain stairiúil seo, comóradh céad bliain 1798."

Le himeacht aimsire, tháinig clubanna C.L.G. eile ar an fhód agus nuair a bunaíodh An Bord Contae i 1900/01 d’fhéadfaí a rá, gan aon amhras, go raibh Athnuachan Ghaelach na hÉireann in Aontroim faoin lán seoil.

Iomáint

Duaiseanna

  • Corn Chríostóir Uí Rinn: 1
  • Craobh Iomána Idirmheánach na hÉireann: 1
    • 1970
  • Craobh Iomána Sóisearach na hÉireann: 1
    • 2002
  • Corn Uí Bhreatnaigh: 1
    • 2008
  • Craobh Iomána Sinsearach Uladh: 57
    • 1900-01, 1903–05, 1907, 1909–11, 1913, 1916, 1924–31, 1933–40, 1943–49, 1989–91, 1993–94, 1996, 1998–99, 2002–09, 2010, 2011, 2012, 2013, 2014, 2015, 2016, 2017
  • Craobh Iomána Mionúrach Uladh: 59
    • 1931, 1933, 1935, 1936, 1937, 1938, 1939, 1940, 1941, 1945, 1946, 1947, 1948, 1949, 1950, 1951, 1952, 1953, 1954, 1955, 1956, 1958, 1959, 1960, 1961, 1962, 1963, 1964, 1965, 1966, 1968, 1969, 1970, 1986, 1987, 1988, 1992, 1993, 1995, 1996, 1997, 1998, 1999, 2000, 2002, 2003, 2004, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2010, 2011, 2013, 2014, 2015, 2016, 2017
  • Craobh Iomána Idirmheánach Uladh: 5
    • 1966, 67, 69, 70, 73
  • Craobh Iomána Faoi-21 Uladh: 24

1964, ‘65, ‘66, ‘67, ‘70, ‘72, ‘73, ‘74, ‘76, ‘78, ‘79, ‘80, ‘81, ‘82, ‘88, ‘89, ‘91, ‘92, ‘94, ‘95, ‘96, ‘98, ‘99, '00, 2002, '06

  • Craobh Iomána Sóisearach Uladh: 14
    • 1931, 1933, 1935-41, 1945-56, 1958-66, 1969, 1970, 1986, 1987, 1988, 1992, 1993, 1995-99, 2000, 2001, 2002, 2003, 2004, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2010
  • Sárimreoirí na Bliana: 97
    • 1971 (2), 1972 (5), 1974 (2), 1975 (1), 1976 (5), 1977 (8), 1978 (6), 1979 (3), 1980 (2), 1981 (1), 1982 (3), 1983 (3), 1984 (6), 1985 (2), 1986 (7), 1987 (1), 1988 (1), 1990 (6), 1991 (3), 1992 (3), 1993 (2), 1999 (6), 2000 (2), 2003 (3), 2004 (7), 2005 (6)

Peil Ghaelach

Duaiseanna

  • Craobh Peile Sinsearach Uladh: 10
    • 1900, 1901, 1908, 1909, 1910, 1911, 1912, 1913, 1946, 1951
  • Craobh Peile Faoi-21 na hÉireann: 1
    • 1969
  • Craobh Peil Mionúrach Uladh: 6
    • 1956, 1985, 1991, 1996, 2006, 2014
  • Corn Tomáis Uí Mhurchú: 1
    • 2008
  • Corn an Oireachtais: 1
    • 1946
  • Corn Dochtúir Mac Cionnaith: 6
    • 1941, 1942, 1945, 1946, 1966, 1981
  • Corn Dochtúir Uí Lagáin: 3
    • 1952, 1965, 1966, 1967

Imreoirí cáiliúla

Iomáint

  • Ciarán Barr
  • Terence McNaughton
  • Dessie Donnelly
  • Olcan McFetridge
  • Dominic McKinley
  • Paul McKillen
  • Neil McManus
  • Liam Watson

Peil

  • Andy McCallin
  • Paddy Cunningham
  • Aodhán Gallagher

Naisc sheachtracha

Clg Chontae Aontroma 
Dathanna Aontroma

Tagairtí

Tags:

Clg Chontae Aontroma StairClg Chontae Aontroma IomáintClg Chontae Aontroma Peil GhaelachClg Chontae Aontroma Imreoirí cáiliúlaClg Chontae Aontroma Naisc sheachtrachaClg Chontae Aontroma TagairtíClg Chontae AontromaContae AontromaCumann Lúthchleas Gael

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

2LobhraGráinne Ní MháilleMichelle ObamaFáinleog tuaitheCógasAdamhAdmháil Taiscí MheiriceánachManchester City Football ClubAilse chíche1905QBarrachódBalsaPirimidí na hÉigipteMícheál Seosamh Ó Rathaille8AstaitínMícheál Ó MáirtínTractatus Logico-PhilosophicusAn MholdóivZombaíÉirí Amach na CáscaPiongainMoirfínPríomhleathanachAn MheánmhuirAsaf Jah I2013Lon dubhCódClapsholas30 MeitheamhSluaMacauCailvíneachasRéabhlóid na hUngáire 195614 Deireadh FómhairMichelangeloIora glasBéal FeirsteGreannáinEantalpachtMucAn DomhnachAn RómáinÉireLin-Manuel MirandaMuhammad Ali16 SamhainStát leasaTeangacha Ceilteacha1980Cat SiamachAinmhíSeilidí mar bhiaAn NollaigSupermanTurtar droimleathairSceimhlitheoireachtArthur Conan DoyleDíthreabhachDaonáireamhSatailít (spásárthach)Rudyard KiplingAn LaidineilíseáWEMonopoly🡆 More