Ba shagart, urscéalaí, drámadóir, aistritheoir agus ollamh Éireannach é Breandán Ó Doibhlin nó Brendan Devlin (a rugadh i Rúscaigh i dTír Eoghain ar 19 Bealtaine 1931 agus a d'éag i mBÁC ar 19 Meán Fómhair 2023), i measc na scríbhneoirí agus na gcriticeoirí Gaeilge ba chumasaí agus ba nuálaí lena linn.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1931 Rúscaigh, Northern Ireland |
Bás | 19 Meán Fómhair 2023 91/92 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Pontaifiúil na nGael |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, aistritheoir, aistritheoir an Bhíobla |
Teangacha | An Ghaeilge |
Bhí sé ina Ollamh le Fraincis i Maigh Nuad agus bhí an-bhaint aige le scoil chritice nua sa Ghaeilge. Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) agus An Branar gan Cur (1979) na saothair is cáiliúla dá chuid.
D’fhág a lorg go láidir ar léann agus litríocht na Gaeilge. Thug sé cead a cinn don teanga a rogha rud a rá go healaíonta agus í ina seasamh go teann ar a dúchas. Comaoin ar scríbhneoirí an ealaín agus an dua a chaith sé le fiúntas na léirmheastóireachta a aithint mar cheird thábhachtach. Agus a bhuíochas dá chuid taighde is stocaireachta tá Coláiste na nÉireannach ag na hÉireannaigh i bPáras.
Ba i Rúscaigh, Contae Thír Eoghain, i 1931 a rugadh an Doibhlineach. Bhí sé thar a bheith bródúil as cúlra Maigh Eoch a mháthar agus as an nGaeilge Mhaigh Eoch a thug sí dó (cailleadh a mháthair i 1973). Ba i gColáiste Cholm Cille i nDoire. a fuair sé meánscolaíocht.
Fuair Ó Doibhlin oiliúint mar shagart i gColáiste Phádraig Mhá Nuad, agus ollscolaíocht sa Róimh (agus sa Sorbonne i bPáras sna 1960idí). Chríochnaigh sé a chuid staidéir sagartóireachta, agus oirníodh é ar an 5 Márta 1955.
Tar éis dó iar-chéimeanna a chur i gcrích i bPáras agus i mBaile Átha Cliath, ceapadh an Doibhlineach mar Ollamh le Fraincis i gColáiste Phádraig Mhá Nuad sa bhliain 1958 agus d'fhan sé sa phost sin go dtí 1996. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an gColáiste ó 1979 go 1982.
Ba cheannródaí i gcritic na Gaeilge é Breandán Ó Doibhlin. Bhunaigh sé an Scoil Chritice Mhá Nuad sna seascaidí in éineacht le scoláirí eile, a chuir corr i gcinniúint léirmheastóireacht litríocht na Gaeilge. I sraith alt a foilsíodh in Irisleabhar Mhá Nuad sna 1960í, bhain sé fónamh as modhanna criticeoireachta Fhrainciseoirí an nouvelle critique – leithéidí Roland Barthes – le scríbhneoirí nua-aoiseacha na Gaeilge a léirmheas.
Cuireadh beocht nua in Irisleabhar Mhá Nuad faoina stiúir agus rinneadh í a ateilgean ina hiris chruthanta léannta, agus cur chuige úrnua Eorpach i bhfeidhm, inar cuireadh ar fáil do phobal na Gaeilge aistí anailíseacha teoiriciúla ar ghnéithe de litríocht na Gaeilge.
Thuill an scoil aitheantas mar acmhainn tábhachtach léirmheastóireachta. (Breathnaigh ar an ghearrthóg seo ina labhraíonn Breandán Ó Doibhlin faoina shaothar féin agus faoi Scoil Chritic Mhá Nuad).
Ní bhfuair sé oiliúint ghairmiúil mar léachtóir Fraincise go dtí 1963, nuair a bhronn Rialtas na Fraince scoláireacht air a lig dó tréimhse a chaitheamh in institiúid ar leith de chuid an Sorbonne. Bhí tábhacht sa bhreis ag baint leis an scoláireacht seo toisc gurbh í a chuir i dtreo Choláiste na nÉireannach i bPáras de chéaduair é agus lóistín á lorg aige. Ba é an diúltú a tugadh dó sa choláiste an lá sin a spreag feachtas fada arbh é an Centre Culturel Irlandais a thoradh.
Níor fhill sé ar an gcoláiste go dtí 1975 agus é ar saoire shabóideach ó Mhaigh Nuad, ach bhí a chuid réamhoibre déanta an uair seo aige. D’éirigh leis leaba a fháil ann an uair seo agus chaith sé féin agus Liam Swords tamall ann agus revanche (mar a dúirt an Doibhlineach féin) á phleanáil acu`. D’éirigh leo, ar deireadh, teacht ar an gcáipéisíocht chuí inar leagadh amach stair theideal an Choláiste agus cé go raibh bóthar fada rompu go fóill agus go leor cainte le déanamh, d’éirigh an Doibhlineach a fhís a réadú – d’éirigh leis, i gcomhar le cairde dílse, ionad cultúrtha a chur ar bun do na hÉireannaigh, tearmann i bPáras dóibh siúd a bhí imithe ón mbaile ach ar theastaigh uathu ceangal a choinneáil leis.
Ceapadh Ó Doibhlin mar Uachtarán (Recteur) ar Choláiste na nÉireannach i bPáras sa bhliain 1984.
Fáisceadh Scoil Chritice Mhá Nuad as an tuiscint a fuair Ó Doibhlin nuair a scríobh sé a chéad úrscéal, Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), nach raibh treoir léitheoireachta nó scoil chritice ar bith ann don Ghaeilge. Chonacthas don Doibhlinneach gur chuir sé sin bac ar léitheoirí litríocht na Gaeilge.
Níos déanaí, scríobh sé An Branar gan Cur (1979), Aistí Critice agus Cultúir, Iníon Mhaor an Uachta, Gargantua, Manuail de Litríocht na Gaeilge Iml 1-5, srl.
D'aistrigh sé cuid mhór ábhair ón Fhraincis go Gaeilge, ina measc saothar le Rabelais agus La Fontaine.
Tháinig Festschrift amach i 1996-1997, Féilscríbhinn an Doibhlinigh san Irisleabhar Mhá Nuad (383 lch).
Bhronn Poblacht na Fraince de ghradam air Chevalier de l’Ordre National du Mérite in 1979, agus Commandeur de la Légion d’Honneur in 2001 as a shaothar ar son caidreamh cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire. Rinneadh Pearsa den Teaghlach Pápúil de in 1997.
Scríobh Tadhg Ó Dúshláine dán in ómós dó :
"Is tú fós againn lóchrann na critice
Damhna na lúcháire is ár n-ábhar dóchais.
Sólás is misneach as saothar do phinn;
An Fuascailteoir a ghnóthaíonn dúinn
Ár n-áit i measc na náisiún
Is tógáil ár gcinn".
Tá oidhreacht bhuan againn ina shaothar ón úrscéal ceannródaíoch sin i dtús na seascaidí, Néal Maidine agus Tine Oíche go dtí Sliocht ar Thír na Scáth in 2018.
D'aistrigh an Doibhlineach go Gaeilge Rabelais, Montaigne, Pascal, La Fontaine, Saint-Exupéry, Charles Péguy, Georges Bernanos, mar aon le duanaire d'fhilíocht liriciúil na Fraincise.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Breandán Ó Doibhlin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.