Seandálaí agus meánaoisí ba ea Arthur Kingsley Porter (6 Feabhra 1883 – 8 Iúil 1933) agus milliúnaí Meiriceánach ba ea é chomh maith.
(1933) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Feabhra 1883 Connecticut, SAM |
Bás | 8 Iúil 1933 50 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Yale |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí na healaíne, meánaoisí, seandálaí, staraí na hailtireachta, staraí, grianghrafadóir |
Fostóir | Ollscoil Harvard (1920–) Ollscoil Yale |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Lucy Wallace Porter (1912–) |
Gradam a fuarthas |
Ba sheandálaí meánaoise é Kingsley Porter. Bhí breis agus a dhóthain de mhaoin an tsaoil aige, é sona sásta ina shaol pósta, an-cháil air mar sheandálaí agus post sócúl aige in Ollscoil mór le rá Harvard. Bhí saol an mhadra bháin ag Kingsley Porter, ar an gcéad dul síos. Lena chois sin, ba leis an gcaisleán agus an t-eastát i nGleann Bheatha, Contae Dhún na nGall.
Ar 8 Iúil 1933 san oíche, chuaigh Kingsley Porter ar strae. Ach níor thángthas ar a chorp riamh Bhí bothán nó teach beag aige ar Inis Bó Finne, amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh agus bhí sé ann an oíche sin. Níl a fhios againn ar chuir sé lámh ina bhás féin, ar thit sé isteach san fharraige trí thimpiste nó ar imigh sé ón oileán faoi rún, b’fhéidir chun na mór-roinne le saol homaighnéasach a bheith aige. Bhí sé pósta ach fear homaighnéasach a bhí ann.
Chinn an t-ionchoisne, bunaithe ar fhianaise a mhná céile, gur bádh Kingsley Porter. Glacadh le tuairim a mhná céile, Lucy, gur thit sé le faill agus gur scuabadh a chorp chun siúil sa bhfarraige.
Tá ráflaí agus seanchas sa timpeall le blianta a mhaíonn gur scéal bréige a bhí anseo agus go raibh Kingsley Porter ag éalú chuig saol nua.
Nochtadh leacht ar an oileán sa bhliain 2021 i gcuimhne orthu siúd a raibh baint acu leis an oileán a bádh. Ach ní raibh ainm Kingsley Porter greanta sa chloch.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Arthur Kingsley Porter, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.