Orgán beag lena gcastar nótaí ceoil is ea an armóin.
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Róghearr (DICDEF atá ann) Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Ciallaíonn an focal "armóin" gléasadh nó cóiriú taitneamhach ar nótaí ceoil freisin ach sa chás seo, táimid ag caint faoin uirlis cheoil a fheictear sa ghrianghraf taobh leis an alt seo. Is uirlis ghaoithe atá san armóin ina n-úsáidtear giolcacha a bhogann go saor leis an bhfuaim a dhéanamh. Tá méarchlár agus gaireas séidte inti. D'fhéadfaí "armóineadóir" a thabhairt ar an duine a sheinneann an armóin, is dócha.
Cineál | wind instrument with keyboard (en) , sets of free reeds (en) agus non-piped organ (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 412.132 |
Aireagóir | Christian Gottlieb Kratzenstein agus Alexandre Debain |
Gairm ealaíonta | harmonium player (en) |
Tá bunús na harmóine le fáil san uirlis le giolcacha saora a chruthaigh Grenié (fear ón bhFrainc) ag tús an 19ú haois. B'éard a bhí aige ná uirlis bunaithe ar phíopaí orgáin le giolcacha saora a bhí curtha ar ghaireas séidte a bhí á smachtú ag brú athraitheach gaoithe. Murab ionann agus na giolcacha a bhíonn ag bualadh in orgán píopa, is féidir leis na giolcacha saora airde fuaime athraitheach thonnchreatha a láimhseáil agus réimse leathan airde ceoil ó phianissimo go fortissimo a léiriú de bharr an bhealaigh ina gcritheann siad agus é seo ar fad gan athrú suntasach sa ghléasadh.
Ba é an Francach Alexandre-François Debain a chéadcheap an armóin i ndáiríre, í bunaithe ar uirlis Ghrenié agus fuair sé paitinn di i 1842. B'iad Jakob Alexandre (1804-1876) agus a mhac Edouard (1824-1888) i bpáirt le Victor Mustel a thug an uirlis chun foirfeachta.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Armóin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.