Capall folaíochta Éireannach, agus capall léimrása den chéad scoth, ba ea Arkle (19 Aibreán 1957 – 31 Bealtaine 1970), a bhuaigh Corn Óir Cheltenham trí huaire, éacht nach ndearnadh arís sa lá atá inniu ann gur tháinig réimeas Best Mate i dtús na mílaoise.
Bhuaigh Arkle 27 rásaí amach as 35 rásaí ina shaol.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Aibreán 1957 |
Bás | 31 Bealtaine 1970 13 bliana d'aois |
Tom Dreaper a thraenáil an capall i gCo. na Mí agus is é Pat Taaffe a bhí ar dhroim Arkle nuair a bhuaigh sé an Corn Óir ag Cheltenham trí gheábh as a chéile idir 1964 agus 1966.
Ainmníodh Arkle tar éis na gcnoc Arkle in Albain.
Sa bhliain 1964 bhuaigh sé a chéad chorn óir i féile rásaí Cheltenham. 6 bliana a bhí Arkle nuair a thug sé Seilgrás na Núíosach leis i Cheltenham 1963.
An bhliain dár gcionn bhí grád na Núíosach fágtha ina dhiaidh ag Arkle agus bís ar lucht rásaíochta go bhfeicfí é féin agus Mill House, capall eile den chéad scoth, ag iomaíocht in aghaidh a chéile i gCorn Óir Hennessy i Newbury. Trí léim ón deireadh agus gan de thús ag Mill House air ach fad amháin capaill, sciorr Arkle. Ghlac sé tamall air Pat Taaffe lánluas a shroichint arís agus ba sa 3ú háit a chríochnaigh sé i rása a bhuaigh Mill House.
Le teacht na bliana 1965 bhain Arkle díoltas amach sa Hennessy; i gCorn Óir Cheltenham bhí sé 20 fad chun cinn ar Mill House. Agus nuair a bhuaigh sé an Whitbread in Sandown, bhí ar a laghad 2½ cloch níos mó de mheáchan ar a dhroim ná a bhí ar aon cheann den leathdhosaen capall eile sa rása.
Cuireadh Arkle chun suain ar 31 Bealtaine 1970. Anois tá cnámharlach Arkle ar thaispeáint sa Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann i gContae Cill Dara.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Arkle, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.