Contae Chill Chainnigh: Contae in Éirinn

Tá Cill Chainnigh nó Contae Chill Chainnigh i gCúige Laighean in oirdheisceart na hÉireann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Chill Chainnigh
Contae Cill Chainnigh (ga) Cuir in eagar ar Wikidata
Contae Chill Chainnigh: Stair, Tíreolaíocht, Barúntachtaí Contae Chill Chainnigh: Stair, Tíreolaíocht, Barúntachtaí
Contae Chill Chainnigh: Stair, Tíreolaíocht, Barúntachtaí
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Contae Chill Chainnigh: Stair, Tíreolaíocht, Barúntachtaí
 52°35′00″N 7°15′00″W / 52.583333333333°N 7.25°W / 52.583333333333; -7.25
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán99,232 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús47.87 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla2,073 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCnoc Bhréanail (515 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Aonghas Osraithe Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Mayor of Kilkenny (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Contae Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-KK Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie100006
Suíomh gréasáinkilkennycoco.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Stair

Tagann ainm an chontae ó Cill Chainnigh, cathair atá suite i lár an chontae ar dhá bhruach na Feoire. Creidtear go bhfuil an chathair ainmnithe as Ardeaglais Naomh Cainneach, a tógadh in ómós do Naomh Cainneach (515/516 - 600).

Ba chuid de Ríocht Osraí é an contae, ríocht a bhí ann idir an 2ú haois agus an 13ú haois. Tugtar Osraí ar an deoise sa cheantar fós (Deoise Osraí). Ar theacht na Críostaíochta tógadh go leor mainistreacha sa chontae.

Is iad na trí thréith a bhaineann le Contae Chill Chainnigh talamh gan phortach, tine gan deatach, talamh gan chósta. Déantar tagairt anseo don easpa móna agus cladaí atá ar an gcontae agus do ghual crua Chaisleán an Chomair.

Tíreolaíocht

Contae Chill Chainnigh: Stair, Tíreolaíocht, Barúntachtaí 
Cnoc Bhréanail

In oirdheisceart Chúige Laighean atá Contae Chill Chainnigh suite, agus é ag críochantacht le Contae Laoise, le Contae Cheatharlach, le Contae Loch Garman, le Contae Phort Láirge agus le Contae Thiobraid Árann.

Is éard atá sa chontae Cathair Chill Chainnigh, baile contae, agus roinnt bailte móra eile: Béal Átha Ragad, Callainn, Caisleán an Chomair agus Gráig na Manach thuaidh, agus Móin Choinn agus Baile Mhic Andáin theas.

Tá dhá abhainn mhóra sa chontae, an Fheoir agus an tSiúir. Tá an Fheoir ag gabháil trí Bhéal Átha Ragad, trí chathair Chill Chainnigh agus trí na sráidbhailte Droichead Binéid, Baile Mhic Andáin agus Inis Tíog. Tá an tSiúir ina teorainn idir Contae Phort Láirge agus Contae Chill Chainnigh.

Is é Cnoc Bhréanail an pointe is airde sa chontae agus é 515m nó 1,690 troigh ar airde.

Bailte Chontae Chill Chainnigh

Barúntachtaí

Déimeagrafaic

De déir dhaonáireamh na bliana 2006, bhí 87,558 duine i gContae Chill Chainnigh, agus Gaeilge ag 35,669 acu. Bhí 39,809 duine ag obair ann, agus i mí Lúnasa 2008 bhí 4,133 duine ar an mbeochlár. Sa bhliain 2007 rugadh 1,251 duine agus fuair 546 duine bás.

Is é an Caitliceachas príomhchreideamh an chontae, ach tá baill d'Eaglais na hÉireann, Preispitéirigh, Meitidistigh agus Giúdaigh ann chomh maith.

Iompar

Tá seirbhís iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Port Láirge agus í ag gabháil trí Stáisiún Mhic Donncha i gcathair Chill Chainnigh agus trí Stáisiún Bhaile Mhic Andáin. Tá Stáisiún Phort Láirge le fáil taobh istigh den chontae chomh maith.

Tá seirbhísí ag Bus Éireann ar fud an chontae.

Aerfort Chill Chainnigh míle go leith siar ó chathair Chill Chainnigh. Tá sé aerárthach agus dhá fhaoileoir ann.

Spórt

Cumann Lúthchleas Gael

Contae Chill Chainnigh: Stair, Tíreolaíocht, Barúntachtaí 
Is dubh agus ómra dathanna an chontae.

'Na Cait' a thugtar ar fhoireann iománaíochta an chontae agus bíonn an-rath orthu. Bhuaigh siad í ar Phort Láirge i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 2008 agus san iomlán rug siad an chraobh leo uair amháin is tríocha. Imrítear na cluichí is mó i bPáirc Uí Nualláin i lár na cathrach.

Rásaíocht chapall

Tá ráschúrsa Pháirc Ghabhráin in aice le Gabhrán. Sa bhliain 1914 a bhí na chéad rásaí ann, agus inniu bíonn sé chruinniú dhéag ann in aghaidh na blaina. Ar na rásaí is mó tá an Thyestes Chase ("Grand National" an Deiscirt), ceann de na léimrásaí is iomráití in Éirinn. An capall cáiliúil Arkle a bhuaigh é sa bhliain 1964, agus bhí rath ar Hedgehunter agus Numbersixvalverde - beirt a bhuaigh an Aintree Grand National chomh maith.

Bailte fearainn

Tíreolaíocht

Cultúr

Bíonn an fhéile ghrinn Cat Laughs ar siúl i gCill Chainnigh gach bliain.

Daoine cáiliúla

Tagairtí

Tags:

Contae Chill Chainnigh StairContae Chill Chainnigh TíreolaíochtContae Chill Chainnigh BarúntachtaíContae Chill Chainnigh IomparContae Chill Chainnigh SpórtContae Chill Chainnigh Bailte fearainnContae Chill Chainnigh TíreolaíochtContae Chill Chainnigh CultúrContae Chill Chainnigh TagairtíContae Chill ChainnighCúige LaigheanÉire

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An EagnaíochtTeangacha CeilteachaSelma BouvierJavaMiotalDon GibsonThomas MoreMinicíochtCnoc an FhorsairDrámaíochtAn ÁiseTineCarraigínMyrna LoyFisic mhatamaiticiúilAireolaMíciríosaBallapháipéarSam Ó FearraighSiombailFloridaTeanga (cumarsáid)Seve Ballesteros1967GarraíodóireachtAn tAontas EorpachIseatópLoarn mac EircAclaíocht isiméadrachBitheolaíochtOllphanda2024An fearann poiblíPápa Eoin Pól IAn GhealachLíonra ríomhaireachtaGeorgia May FooteEolaíocht fheidhmeachCócaireachtCaisleán WindsorPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)An Comunn GàidhealachTraeinFionn mac CumhaillAn Dara Cogadh DomhandaBacstaíGeimhreadhStrataisféarLuciano PavarottiRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannNa hOileáin FhilipíneachaAn LuanOibríocht EntebbeCSIRORíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireannEaspagEantalpachtStair na heolaíochta agus na teicneolaíochtaUí BhreasailAn AstráilRegina, SaskatchewanIntelLitríocht na hÉireannAn Ghaeilge i gCeanadaSóivéid (comhdháil)Eolaíocht nádúrthaPlátaTeasBrigit🡆 More