Cumadóir ab ea Angelo Badalamenti (22 Márta 1937 – 11 Nollaig 2022).
Rugadh Badalamenti i Nua-Eabhrach in 1925 do thuismitheoirí a tháinig go Meiriceá ón tSicil san Iodáil.
Bhain sé clú agus cáil amach as a chuid oibre in éineacht leis an déantóir scannán David Lynch sna hochtóidí: an scannán Blue Velvet in 1986 agus ansin an tsraith theilifíse Twin Peaks in 1990. Bhí ról lárnach ag a cheol uaigneach sa seó sin, ar a raibh tionchar an tsnagcheoil le brath.
D'oibrigh Badalamenti le neart ceoltóirí aitheanta eile agus ar an tsraith dheireanach de Twin Peaks in 2017. Mar shampla, d’oibrigh sé le Dolores O'Riordan sa bhliain 2004 ar fhuaimrian an scannáin “Evilenko” .
Bhí Badalamenti pósta agus bhí beirt chlainne aige. Fuair sé bás sa bhaile in New Jersey ar 11 Nollaig 2022.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Angelo Badalamenti, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.