Is teanga Atapascach í an Navachóis (Diné bizaad a thugann lucht a labhartha ar a dteanga féin) a labhraíonn na Navachóigh (Diné) in iardheisceart na Stát Aontaithe.
Go geografach agus go teangeolaíoch, is ceann de na teangacha Atapascacha Deisceartacha - nó na teangacha Apáitseacha - í (tá formhór na dteangacha Atapascacha á labhairt in iarthuaisceart Cheanada agus in Alasca).
Diné bizaad agus Diné | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha, teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 169,369 (2011) |
Á labhairt | Náisiún na Navachóch |
Dúchasach do | Arizona, Colorado, Nua-Mheicsiceo agus Utah |
Stáit | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teanga bhundúchasach teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá teangacha Na-Dene teangacha Atapascacha-Eyak teangacha Atapascacha teangacha Atapascacha Deisceartacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Navajo Language Academy (en) |
Leibhéal leochaileachta | 2 leochaileach |
Cóid | |
ISO 639-1 | nv |
ISO 639-2 | nav |
ISO 639-3 | nav |
Glottolog | nava1243 |
Ethnologue | nav |
UNESCO | 784 |
IETF | nv |
Endangered languages | 6085 |
Tá an Navachóis an-chosúil leis na teangacha nó na canúintí a labhraíonn na hApáitsigh. Is féidir a rá, fiú, nach bhfuil ann ach ceann acu. Is iad an chanúint Iartharach (nó Apáitsis Coyotero), an chanúint Chiricahua (a bhí ó dhúchas ag Geronimo) agus an chanúint Mescalero na cineálacha Apáitsise is cóngaraí don Navachóis. Is iad seo canúintí Iartharacha na hApáitsise - nó teangacha Iartharacha an fhoghrúpa Apáitsigh san fhine Atapascach, más fearr leat.
Tá na Navachóigh an-chosúil leis na hApáitsigh ó thaobh an chultúir de, leis. Déanta na fírinne, is é traidisiún an Bhéarla an t-aon chúis amháin le hiad a scaradh ó na hApáitsigh féin.
Tá níos mó cainteoirí ag an Navachóis ná ag aon teanga dhúchasach Mheiriceánach eile taobh thuaidh de theorainn na Stát Aontaithe agus Mheicsiceo, agus í ag breis is céad míle duine mar theanga dhúchais. Tá líon na gcainteoirí, fiú, ag dul in airde.
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Navachóis, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.