Bunaíodh An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) (Cumann Gaelach UCD go neamhoifigiúil) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 1908.
An aidhm atá ag an gcumann ná an Ghaeilge a chur chun cinn trí imeachtaí sóisialta a eagrú agus trí labhairt na teanga a spreagadh ar champas na hOllscoile.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1908 |
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Gaeilge/Litriú/Tagairtí/srl! Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Tá nasc láidir idir stair an chumainn agus saol na Gaeilge le céad bliain anuas, rud atá soiléir ón mbaint atá ag iar-reachtairí an chumainn leis an nGaeilge a chur chun cinn. Bhí tionchar nach beag ag an gcumann ar shaol na hollscoile agus d'fhág go leor iarbhall a lorg ar stair na tíre. Chuir na hiarbhaill seo go mór le heagraíochtaí Gaeilge timpeall na tíre, le riarachán an stáit agus le saol sóisialta na tíre. Bhí Tomás de Bhaldraithe agus Cearbhall Ó Dálaigh ina measc siúd. Le blianta beaga anuas is iondúil go mbíonn breis is míle ball sa chumann agus go mbíonn sé ar na cumainn is mó sa choláiste.
D'éirigh leis an gCumann breis is dhá mhíle ball a fháil sa bhliain 2010/11. Bhí 872 ball acu sa bhliain 2007-08, is 1500 sa bhliain 2008/09.
Bhuaigh an cumann Comórtas na gCumann Gaelacha Tríú Leibhéal, duais arbh fhiú €2,000 é sa bhliain 2011. An bhliain roimhe bhaineadar duais aitheantas amach sa chomórtas céanna, thánagadar sa dara háit an bhliain roimhe sin tar éis dóibh e a bhuachaint sa bhliain 2007.
Bhronntaí bonn óir i laethanta tosaigh an chumainn don bhall ba mhó a chabhraigh le cur chun cinn na Gaeilge, nós a athmhúsclaíodh i mbliain chomóradh céad bliain an chumainn.
Bronann an cumann Gradam De hÍde ar dhuine taobh amuigh den choláiste a meastar eácht ar leith ar son na teanga a bheith déanta acu.
Eagraíonn an Cumann Seachtain na Gaeilge sa choláiste, Seónna Faisin, Léachtaí Acadúla, Ceolchoirmeacha, Laethanta Spóirt is cuireann siad an iris COGAR! amach. Bíonn céilithe rialta ag an gCumann, leis, i mBeár na Mac Léinn. Is iondúil go n-eagraíonn an Cumann turas deireadh seachtaine chuig Oireachtas na Samhna pé áit ina mbíonn sé.
Ardaíodh próifíl an Chumainn go mór i ndiaidh Sheachtain na Gaeilge (4-8 Feabhra 2008).[fíoras?] Cuireadh tús leis an tseachtain le céilí taobh amuigh. Ar oíche Luain bhí oíche shóisialta ann le bunfhrásaí na Gaeilge a mhúineadh do mhic léinn Erasmus. Ar an Máirt, tháinig Hector Ó hEochagáin chuig an gColáiste le caint a thabhairt agus codanna dá chlár, Amú san Oz, a thaispeáint. Ar Oíche Mháirt, bhí Tráth na gCeisteanna ag an gCumann i gClub Chonradh na Gaeilge ar Sráid Fhearchair na hArdchathrach. Ar maidin Chéadaoin, chuaigh baill den chumann amach ar na sráideanna ag bailiú airgid don charthanacht Bóthar. Bailíodh €3,597.17 in iomlán. Ar Oíche Chéadaoin eagraíodh Oíche Mhór darbh ainm An Liathróid sa chlub oíche Tripod ar sráid Fhearchair. Bhí céilí mór ann le ceol ó Ghrúpa Tí Sult. Ar an Déardaoin eagraíodh comórtas peile darbh ainm Peilfield in éindí le baill ón Scéim Chónaithe a eagraíonn Bord na Gaeilge UCD. Thug Mícheál Ó Muircheartaigh óráid do na himreoirí agus don slua ar an lá. Sheinn Kíla i mBeár na Mac Léinn an oíche sin. Ar an Aoine, bhí Éacht Aistriúcháin; aistríodh altanna go Gaeilge ar an suíomh idirlín vicipéid.
Bíonn dinnéar foirmeálta ag an gCumann gach bliain. Bhí 'Comóradh 100' ag an gCumann ar an 27 Feabhra 2008 le ceiliúradh a dhéanamh ar stair an Chumainn (cé gur an céadú seisiún, seisiún na bliana ina dhiaidh sin). Eagraíodh an dinnéar san Óstán Radisson i dTeach Lorcáin, Baile Átha Cliath agus bhí dornán aoíchainteoirí ann ina measc an tAire Éamon Ó Cuív TD agus Mícheál Ó Muircheartaigh.
Tosaíodh ar an iris COGAR! a chur amach sa bhliain 2010. Foilsíonn an cumann leabhráin staire agus bileoga eolais ó am go chéile.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Cumann Gaelach (COBÁC), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.