Is í an amóinia an ceann is tábhachtaí de chomhdhúile dénártha na hidrigine is na nítrigine.
Is í a foirmle cheimiceach ná NH3 (móilín pirimidiúil, le nascuillinneacha timpeall 107°, bun lag. Bíonn pH timpeall 9.5 ag a tuaslagáin atá páirtneodraithe le haigéid láidre). Is gás í le teocht an tseomra faoi ghnáthbhrú an atmaisféir.
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 17.031 Da |
Ainmnithe in ómós | Séas Amón |
Fionnachtaí nó aireagóir | Joseph Priestley |
Tacsón ina n-aimsítear é | |
Ról | príomh-mheitibilít |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | NH₃ |
SMILES canónta | |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 0.7625 kg/m³ (a 0 °C, gás) |
Luas forleata fuaime | 415 m/s (0 °C, gás) |
PKa | 9.21 |
Tuaslagthacht | 34 g/100 g (uisce, 20 °C) |
Móimint leictreach dhépholach | 1.471 D |
Pointe leáite | −77.74 °C −78 °C |
Fiuchphointe | −33.4 °C −33 °C (a 760 Torr) −33.33 °C (a 101.325 kPa) |
Eantrópach mólarach caighdeánach | 192.5 J/(mol K) |
Móimint leictreach dhépholach | 1.471 D |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −45.94 kJ/mol |
Galbhrú | 8.5 atm (a 20 °C) |
Guais | |
Teorainn inlasta íochtair | 15 vol% |
Teorainn inlasta uachtarach | 28 vol% |
Dáileog mharfach íosta | 5,000 ppm (duine, mamach, ionanálú, 5 min) 1,500 mg/m³ (duine, ionanálú, 30 min) 5,000 ppm (mamach, ionanálú, 5 min) 3,317 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 1 h) 132 mg/kg (duine) |
Dáileog mharfach airmheánach | 7 g/m³ (cat, Coinín, ionanálú, 1 h) 4,600 mg/m³ (luch saotharlainne, ionanálú, 2 h) 4,500 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 1 h) 4,230 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 1 h) 21,430 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 30 min) 7 g/m³ (Coinín, ionanálú, 1 h) 18,600 mg/m³ (francach saotharlainne, ionanálú, 5 min) 7,040 mg/m³ (francach saotharlainne, ionanálú, 30 min) 2,000 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 4 h) 17,401 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 15 min) 9,500 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 1 h) 40,300 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 10 min) 28,595 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 20 min) 20,300 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 40 min) 11,590 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 1 h) 7,338 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 1 h) 4,837 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 1 h) 9,859 ppm (Coinín, cat, ionanálú, 1 h) 2,000 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 1 h) |
Teocht uathadhainte | 651 °C |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 18 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh) 35 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) 25 ppm (, an Éigipt, an Astráil, an India, an tSeapáin, an Chóiré Theas, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Iorua, Peiriú, an tSualainn, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe) 20 ppm (, an Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Íoslainn) 14 mg/m³ (, An Coimisiún Eorpach, an Ungáir, an Ísiltír) 10 ppm (, an Fhrainc) 20 mg/m³ (, an Pholainn) 50 ppm (, an Téalainn, Na hOileáin Fhilipíneacha) |
Short-term exposure limit (en) | 27 mg/m³ (an Pholainn) 35 ppm (an Astráil, an India, an Chóiré Theas, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, Peiriú) 50 ppm (an Bheilg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an tSualainn) 36 mg/m³ (An Coimisiún Eorpach, an Ungáir) 20 ppm (an Fhrainc) 20 mg/m³ (an Rúis) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 210 mg/m³ agus 300 ppm |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Is furasta an amóinia a aithint ar a boladh bréan sainiúil.
Nuair a thuaslagfar amóinia san uisce, gheofar tuaslagán bunata atá in ann aigéid a neodrú. Is é an t-ian amóiniam NH4+ is toradh d'imoibriú na hamóinia is an uisce, agus é á iompar sna comhdhúile mar a bheadh ian miotail ann. Mar sin, is féidir salainn éagsúla amóiniam a chruthú agus iad an-chosúil le salainn mhiotail. Samplaí de seo iad an chlóiríd amóiniam agus an níotráit amóiniam.
Úsáidtear an chlóiríd amóiniam mar spíosra - cuirtear le liocras í le blas níos géire a thabhairt dó. Maidir leis an níotráit amóiniam, is leasú talún agus ábhar pléasctha í.
Is nimh é an gás amóinia a oibríonn go dona ar na scamhóga, ach san am chéanna, is amhábhar tábhachtach í don tionsclaíocht.
Bíonn an amóinia ar fáil go nádúrtha i mún an duine agus na n-ainmhithe, go háirithe má fhágtar an mún sin ag iompú, agus mar sin, is féidir le seanfhual na n-ainmhithe feirme an dúlra a thruailliú go dona.
Is í an amóinia an pointe tosaigh dá lán craobhacha den tionsclaíocht cheimiceach.
Chruthaigh Claude Louis BerthoIIet gur comhdhúil hidrígine is nítrigine í amóinia.
Bhí sé an-deacair an nasc idir an dá adamh i móilín na nítrigine N2 a bhriseadh leis an nítrigin sin a cheapadh i gcomhdhúile ceimiceacha.
Sa bhliain 1904, thosaigh an ceimiceoir Fritz Haber sa Ghearmáin ag forbairt an phróisis a thabhaigh clú agus cáil dó, is é sin, déantús na hamóinia. D'éirigh leis nítrigin an atmaisféir a chlaochlú go hamóinia sa tsaotharlann.
Sa bhliain 1909, d'éirigh le Haber agus Carl Bosch an próiseas seo a fhorbairt is a fhoirfiú—"modh oibre Haber agus Bosch", nó Haber-Bosch-Verfahren mar a deir an Ghearmáinis.
Bhí an t-aireagán seo chomh tábhachtach is gur thuill sé Duais Nobel na Ceimice do Haber.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Amóinia, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.