Oismiam

Is é an t-oismiam dúil uimhir a 76, agus is í an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó ná Os.

Tá na miotail go léir i ngrúpa an phlatanaim an-trom, ach is é an t-oismiam an dúil is airde dlús ar fad, nó tá sé beagnach dhá oiread chomh trom leis an luaidhe, - tá sé 22.6 g/m3 ar dlús. Bíonn sé le fáil sa dúlra in éineacht leis an iridiam, agus is minic a thagraítear don "oismiridiam", is é sin, do chóimhiotal nádúrtha an oismiam agus an iridiam.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachOismiam
Oismiam
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Oismiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachOs
Uimhir adamhach76
Mais adamhach190.23
Cumraíocht leictreon[Xe] 4f¹⁴ 5d⁶ 6s²
Peiriad, Grúpapeiread 6
grúpa 8
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht2.2
Ga ianach0.63, 0.58, 0.55 agus 0.39
Stair
AimsitheoirSmithson Tennant agus William Hyde Wollaston
Fionnachtain1804
Eapainmboladh
Oismiam

Ba é an ceimiceoir Sasanach Smithson Tennant a d'aonraigh an t-oismiam an chéad uair agus a d'aithin mar dhúil ar leith é, thiar sa bhliain 1803. Eisean a d'ainmnigh é freisin.

Tá loinnir ghormgheal san oismiam, agus fuair sé a ainm ón bhfocal Gréigise a chiallaíonn "drochbholadh". Bíonn drochbholadh as an oismiam, toisc go bhfuil ocsaíd sho-ghalaithe aige, an teatrocsaíd oismiam OsO4. Bíonn ábhairín den bholadh seo le haithint as an miotal féin, agus é ag imoibriú le hocsaigin an aeir.

Miotal crua briosc sobhriste é an t-oismiam, agus mar sin, ní furasta é a shaoirsiniú ná a mheaisíniú. Mar sin, is ar éigean a bhaintear úsáid ar bith as sa tionsclaíocht mar ghlanmhiotal. Mar chóimhiotal is mó a úsáidtear é. Luadh cheana féin gur mar chóimhiotal leis an iridiam is mó a bhíonn oismiam ar fáil sa dúlra, agus bíonn sé praiticiúil oismiam agus iridiam a mheascadh le cóimhiotal inúsáidte a fháil le haghaidh na tionsclaíochta fosta.

Tá an t-oismiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp, mar atá, Os-184 (0.02 % d'oismiam an dúlra), Os-186 (1.59 %), Os-187 (1.96 %), Os-188 (13.24 %), Os-189 (16.15 %), Os-190 (16.26 %), agus Os-192 (an t-iseatóp is flúirsí, 40.78 %). Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid de na hiseatóip nádúrtha seo radaighníomhach, ach má tá féin, tá an leathré chomh fada is nach féidir radaíocht ar bith a aithint ag teacht astu. Ó thaobh an ghnáthshaoil de, tá sé sábháilte a rá go bhfuil siad cobhsaí.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn ag an oismiam ná +2, +3, +4 agus +8. Is í an teatrocsaíd an chomhdhúil is tábhachtaí, agus tá sé de chlaonadh sna comhdhúile eile claochlú go teatrocsaíd má thagann siad i dteagmháil leis an ocsaigin. Nimh láidir dhainséarach í an teatrocsaíd oismiam.

Tagairtí

Tags:

Dúil cheimiceachIridiamLuaidhePlatanamSiombail cheimiceach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

CaipitleachasEolaíocht shóisialtaÇatal HüyükÉileapsóideachComhaontú Aoine an ChéastaFionn mac CumhaillConcas na Spáinneach ar Impireacht na nInceachLiosta Buaiteoirí Ghradaim NÓSO. J. SimpsonAerfort Oileán MhanannMartin Luther9 MeitheamhAirgeadasMartin LandauAilbhe Ní GhearbhuighInterstellarCursasForbairt inbhuanaitheJohann Wolfgang von GoetheGrian-amTwitterBuamáil Bishopsgate (1993)EiblitheoiríDearcealaíonaPailm ratáin2015Ábhar saorLise MeitnerSeosamh Mac GriannaAn BíoblaAn Nua-GhuineContaetha na hÉireannMinnesotaAn ÍoslainnContae Dillon, Carolina TheasOibríocht EntebbeGwyneddAisteoirCatacómMac tíreÓglaigh na hÉireann (1913-1919)Big Brother (RA)DioscóAn Dún Theas (Toghcheantar Tionóil)FuaidreánEolaíocht fheidmeachFranz LisztVäinö LinnaJoe BidenAn ÚcráinAn tAontas Eacnamaíoch EoráiseachGluaisrotharMólGormHillary ClintonHomer SimpsonSteve Prefontaine24 AibreánSkibidi ToiletTamocsaifeinFeithicil lainseálaLeabharlann Chathair AlastairBrigit1710íMissouriFisic mhatamaiticiúilStrataisféarReacht🡆 More