File Gearmánach ab ea Wolfram von Eschenbach a mhair sna Meánaoiseanna (rugadh am éigin idir 1160 agus 1180 é, agus básaíodh é i ndiaidh na bliana 1220).
Tháinig sé chun saoil, de réir mar a chreidtear, in Obereschenbach in aice le hAnsbach sa Bhaváir i ndeisceart na Gearmáine. (Inniu, tugtar "Wolframs-Eschenbach" ar an áit in ómós don fhile.)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1170 Wolframs-Eschenbach |
Bás | c. 1220 49/50 bliana d'aois luach anaithnid |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, ridire, amhránaí, Minnesänger, cumadóir, scríbhneoir |
Seánra | Scéal rómáns ridireachta |
Teangacha | Meán-Ard-Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | ridire |
Cosúil leis na filí Gearmánacha eile lena linn, bhí sé ina Mhinnesänger, is é sin, bhí sé ag cumadh amhráin ghrá de réir choinbhinsiúin na filíochta cúirte, an cineál amhrán grá a dtugtar Minnesang air i stair litríochta na Gearmáinise. Tá naoi n-amhrán le Wolfram sa stíl seo fágtha againn. Thairis sin, áfach, scríobh sé laoithe fada eipiciúla. Is é an saothar is tábhachtaí dár scríobh sé ná Parzival, arb é an chéad saothar Gearmáinise ina bpléitear an Soitheach Naofa. Tá an saothar bunaithe ar Perceval le Chrétien de Troyes, file Fraincise, a scríobh sraith de laoithe eipiciúla faoi théamaí agus faoi mhóitífeanna na hArtúraíochta. Chuir Wolfram eireaball dá chuid féin leis an scéal neamhchríochnaithe a tháinig ó pheann Chrétien.
Eipic thábhachtach eile leis is ea Willehalm, agus é ag cur síos ar laochas is ar eachtraí an ridire úd Wilhelm nó Willehalm. Bhí an eipic seo, freisin, bunaithe ar mhianach scéil a tháinig ón bhFrainc. B'é Naomh Uilliam ó Gellone (755-812) ba bhun leis an gcarachtar liteartha sin Willehalm.
Bhí stíl láidir ildaite ag Wolfram a bhí ag cur thar maoil le meafair, le híoróine agus le magadh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Wolfram von Eschenbach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.