Fisicí a rugadh i Waldstein na hOstaire ab ea Victor Franz Hess (24 Meitheamh 1883 – 17 Nollaig 1964).
Thóg sé soithigh ianúcháin suas i mbalúin leis (1911-1912) agus fuair amach gur mhéadaigh an déine radaíochta de réir na hairde san atmaisféar. Chruthaigh sé gur tháinig an radaíocht ardfhuinnimh ón spás amuigh, gur radaíocht chosmach í. Chabhraigh sé le ráta astaithe alfa-cháithníní ó ghram raidiam a thomhas i 1918. Roinn sé Duais Nobel na Fisice le Carl Anderson i 1936 as a shaothar bunúsach ar ghathanna cosmacha. D'éag sé i Mount Vernon, Nua-Eabhrac.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Meitheamh 1883 Schloss Waldstein (An Ostair-Ungáir) |
Bás | 17 Nollaig 1964 81 bliana d'aois Mount Vernon, New York |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Graz |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic |
Gairm | fisiceoir, ollamh, taighdeoir |
Fostóir | Ollscoil Vín Ollscoil Graz Ollscoil Innsbruck Ollscoil Fordham |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fronta an Athartha |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghearmáinis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Céile | Elizabeth M. Hoenke Marie Bertha Warner Breisky (1920–1955) |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
Chuir sé faoi sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1938 chun géarleanúint na Naitsíoch a sheachaint. Ba Ghiúdach í an chéad bhean chéile aige. D'fhan siad sna Stáit Aontaithe agus sa bhliain 1944 ghlac sé saoránacht Mheiriceánach.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Victor Franz Hess, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.