Sa mhatamaitic, is éard is tuairimíocht ann ná toradh a chreidtear a bheith fíor ach nach bhfuil cruthú aimsithe fós air agus a thairgtear mar dhúshlán fiúntach.
De ghnáth bíonn cuid mhaith fianaise ar fáil gur féidir go bhfuil sé fíor, agus uaireanta bíonn sé fíor i gcuid mhaith cásanna ar leith. Uaireanta baineann so-chreidteacht mhaith intreach leis an gcoincheap. Uaireanta eile, aidhmeanna clár uaillmhianach taighde a bhíonn i gceist, a dtuigtear go mb'fhéidir go mbeadh mionathruithe suntasacha de dhíth chun an toradh ceart fíor a aimsiú. Ba thuairimíocht cháiliúil teoirim dheireanach Fermat, a cruthaíodh sna 1990aidí, ach is tuairimíocht cháiliúil eile hipitéis Riemann, nár aimsíodh cruthú fós uirthi.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tuairimíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.