Ceimicí fisiceach a rugadh i bhFleräng na Sualainne ab ea Theodor The Svedberg (30 Lúnasa 1884 – 25 Feabhra 1971).
Shaothraigh sé an t-ultralártheifneoir i 1924, lenar féidir tuaslagáin a chasadh chomh tapa sin go bhfeidhmíonn fórsaí na mílte oiread níos mó ná an fórsa domhantarraingthe ar a bhfuil sa tuaslagán. Thaispeáin sé gur féidir tuaslagáin próitéiní a chasadh chun na próitéiní éagsúla a scaradh óna chéile. Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1926 as an bhforbairt seo agus a shaothar ar phróitéiní i dtuaslagáin is córais easraithe eile.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Theodor Svedberg, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.