Taibhreamh

Braití céadfacha a bhíonn ag duine is é ina chodladh, go háirithe le linn codladh mearchorraí súl (REM).

De ghnáth is braití radhairc a bhíonn i gceist, ach uaireanta mothaítear fuaim, boladh, blas is tadhall. Is féidir go dtarlóidh siad seo ar bhealach randamach, nó go mbeidh ciall de shaghas áiféiseach éigin leo, treoraithe ag freagairtí tochtacha nó smaointe fochomhfhiosacha duine. Tá leideanna á bhfionnadh ag taighdeoirí ar na ceangail leis na hathruithe fiseolaíocha a tharlaíonn don inchinn le linn codlata le codladh gan bhrionglóid, neamhchodladh, aislingeacht is gníomhartha éagsúla cruthaitheacha. Agus duine ina dhúiseacht, faigheann an inchinn an-chuid ionchur trí na céadfaí, agus feidhmíonn na milliúin ceall chun na sonraí sin a phróiseáil is íomhá na timpeallachta a chruthú is a athchruthú an t-am ar fad. Le linn brionglóide, áfach, bíonn an t-ionchur ón timpeallacht laghdaithe go mór, agus na cealla ag feidhmiú le sonraí a ghintear taobh istigh den inchinn. Ní athraíonn an leictreinceifealagram ó dhúiseacht go codladh, den chuid is mó, ach gluaiseann na súile go tapa le linn brionglóide (tugtar mearchorraí súl (REM) air) agus gluaiseann an ceann féin nuair a thagann brionglóid chun deiridh is a thosaíonn an duine ag dúiseacht. Fuasclaítear an-chuid bíog is ceimiceáin ar leith ó stoc na hinchinne le linn brionglóide.

Taibhreamh
Taibhreamh

Tagairtí

Tags:

CodladhInchinnPróiseáil eolaisStoc na hinchinneTimpeallacht

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Cumann Lúthchleas GaelNewt GingrichCarles Puigdemont2024TancCoimhlint Iosrael-Hamas, 2023DealbhóireachtAn RúisC++CeolComhriachtainBaskin-RobbinsAn tAontas SóivéadachSíceolaíochtSeoirse III na Breataine Móire agus na hÉireannGramadach na GaeilgeAn GhaeltachtLiosta de charachtair Eastenders (1993)Jammu agus an Chaismír (críoch aontais)Dún DealganHenry David ThoreauJoe Steve Ó NeachtainHomsAlexander PushkinAn Iodáil12 EanáirOla na Mara ThuaidhFolúsghlantóirCharles LawsonAmhasHoratio NelsonEssexNa scannáin is mó a thug airgead isteachAmber HeardPtychodusLitriú na GaeilgeClement AttleeEukaryota7 MártaIomprachasRialtasKyōto2009AvesFostaíochtEaspagGeorg Wilhelm Friedrich HegelLondainInsectaTriomachRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannStílbhileoga cascáideachaJeanne d'ArcRoy KeaneMilanoOllphléasc (Margaí Airgeadais)GoogleVicipéidAn AilgéirGuinnessErc Dhál RiadaSan Mateo, CaliforniaContae Lawrence, AlabamaOwen Macd5g1sStaidreamhGrian-amEolaíocht mhatamaitice🡆 More