Sainchomhairleoir bainistíochta, iar-oifigeach cabhlaigh, teachta tionóil (MLA) d’Aontroim Theas agus iarcheannaire an UUP (2019-2021) is ea Stephen Ronald Steve Aiken OBE MLA (a rugadh ar 16 Meitheamh 1962).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Meitheamh 1962 61 bliana d'aois Bealach Cláir, Northern Ireland |
Comhalta den Tionól Reachtach | |
5 Bealtaine 2022 – Téarma parlaiminte: 7ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) | |
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann | |
3 Márta 2017 – Téarma parlaiminte: 6ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) Toghadh i: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2017 | |
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann | |
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 5ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) Toghadh i: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2016 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cambridge Ardscoil Bhéal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Aontachtach Uladh |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Cabhlach Ríoga |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | steveaiken.uk |
Iarcheannaire i gCabhlach Ríoga na Breataine é Steve Aiken, iarcheannfort ar fhomhuireán núicléach. Stiúr sé an Comhlachas Tráchtála Briotanach Éireannach i mBaile Átha Cliath (2011-2014).
Sa bhliain 2019, tháinig Aiken i gcomharbacht ar Robin Swann ina cheannaire ar an UUP. ceapadh Aiken gan aon iomaíocht.
San olltoghchán 2019, sheas Aiken in Aontroim Thoir in aghaidh Sammy Wilson, urlabhraí Breatimeachta an DUP.
Sa bhliain 2019, dúirt Steve Aiken nach mbeadh aon athrú ar pholasaí an pháirtí maidir le hAcht Gaeilge faoina cheannaireacht féin. Dúirt sé nach nglacfaí le hAcht Gaeilge ach go dtacódh sé le ceart feisirí vótáil de réir a gcoinsiasa ar cheisteanna morálta agus sóisialtaː “Sílim go bhfuil bac á dhéanamh di [an Ghaeilge]; ní muidne a chuir na bacainní sa gcosán. Níl aon tacaíocht in aon bhall i measc na nAontachtach in Ulaidh d’acht Gaeilge agus ní fheicim ná ní fhaca mé aon rud agus níor chuala mé aon rud a d’athródh m’intinn faoi sin.”
Dúirt Aiken nach bhfuil a pháirtí “i gcoinne na Gaeilge ar aon bhealach”, agus gur thacaigh siad le Foras Teanga don Ghaeilge agus don Ultais a bhunú mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus le maoiniú eile a chur ar fáil don Ghaeilge.
Sna blianta 2019/2020, bhí Aiken ag cur an mhilleáin ar an DUP faoin margadh Breatimeachta a raibh aontachtaithe agus dílseoirí ag feachtasaíocht ina choinne. ‘Ba iad an DUP a thug teorainn i Muir Éireann dúinn,’ an port a bhí ag Aiken.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Steve Aiken, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.