Is imreoir cispheile gairmiúil é Wardell Stephen Curry II a rugadh ar an 14ú Márta 1988.
Imríonn sé do Golden State Warriors an Chumann Cispheile Náisiúnta (NBA). Roghnaíodh é mar NBA All-Star sé huaire, agus mar an Imreoir Is Luachmhaire NBA (MVP) dhá uair agus bhuaigh sé trí chraobh NBA leis na Warriors. Deir go leor imreoirí agus anailísithe gur é an caiteoir is fearr dá raibh riamh san NBA.
Is é Wardell Stephen Curry II mac Sonya (née Adams) agus Dell Curry. Rugadh in Akron, Ohio é agus a athair ina bhall de na Cleveland Cavaliers. D'éirigh sé aníos i Charlotte, Carolina Thuaidh, an áit ar chaith a athair an chuid is mó dá ghairm sa NBA leis na Charlotte Hornets. Ba mhinic a thugadh Dell Curry Stephen Curry agus deartháir beag Stephen Seth chun a chuid cluichí, agus chaithidís leis na Hornets roimh na cluichí. Bhog an teaghlach go Toronto, áit ar chríochnaigh Dell a ghairm NBA mar bhall de na Raptors. San am céanna, bhí Curry ag imirt do fhoireann chispheile Queensway Christian College, agus níor chaill siad aon cluiche amháin i rith an sésúir. Bhí sé ina bhall de chlub Toronto 5-0 freisin, agus imríonn siad cispheil ar fud Ontario, agus d'imir sé i gcoinne imreoireoirí atá sa NBA faoi láthair, Cory Joseph agus Kelly Olynyk. Thug Curry chun tosaigh an fhoireann agus bhuaigh siad 33 chluiche agus níor chaill siad ach 4 chluiche, agus i ndeireadh na dála bhain siad craobhchomórtas an chúige.
Nuair d'éirigh Dell as an NBA, bhog an teaghlach ar ais go Charlotte agus chláraigh Curry ar Charlotte Christian School, agus d'éirigh go maith leis ann. Mar gheall ar ghairm bheatha a athar ag Virginia Tech, bhí Curry ag iarraidh cispheil choláiste a imirt do na Hokies, ach níor earcaigh Virgina Tech é mar níor mheáigh sé ach 160-punt mar aon le cúis eile. Roghnaigh sé freastal ar Choláiste Davidson, a d'earcaigh é ón deichiú grád.
Roghnaigh na Golden State Warriors é san 7ú háit san roghnúchán NBA 2009. Tá trí chraobh bhuaite aige go dtí anois agus imríonn sé le na Golden State Warriors fós sa NBA.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Stephen Curry, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.