Is riocht géiniteach é siondróm Down (nó trísómacht 21) agus siondróm comhbheirthe: crómasóm breise is cúis leis an riocht.
Bíonn leibhéal an mhíchumais fhoghlama ghinearálta idir míchumas éadrom agus míchumas domhain. Cé go mbíonn saintréithe fisiceacha áirithe comónta ar dhaoine a bhfuil siondróm Down orthu, is daoine iontu féin iad i gcónaí.
Cineál | chromosomal disease (en) , trisomy (en) , total autosomal trisomy (en) agus galar |
---|---|
Eapainm | John Langdon Down |
Speisialtacht leighis | géineolaíocht mhíochaine agus néareolaíocht |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | human chromosome 21 (en) |
Aicmiú | |
ICD-10 | Q90.9 agus Q90 |
ICD-9 | 758.0 |
CIAP | A90 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 190685 |
DiseasesDB | 3898 |
MedlinePlus | 000997 |
eMedicine | 943216 |
Patient UK | downs-syndrome-trisomy-21 |
MeSH | D004314 |
Orphanet | 870 |
UMLS CUI | C0013080 |
DOID | DOID:14250 |
Go minic bíonn cnámha grua arda ag páiste mar seo, srón leata, súile fiara, agus filleadh starraiceach os cionn taobh inmheánach gach súile. Bíonn na lámha gearr leathan, le fithín bosach amháin. Bíonn céimeanna éagsúla míchumais mheabhraigh ag na páistí seo, agus anchumaí cairdiacha.
Tá seans go mbeidh éagobhsaíocht atlasaiseach (atlantoaxial instability nó AAI) ag dul do dhaoine áirithe a bhfuil siondróm Down orthu. Is éalang coirp i veirteabraí an dromlaigh atá i gceist leis seo.
Meastar go dtarlaíonn an éalang de bharr teip deighilte mar is gnách i gcrómasóm amháin i ngaiméit, de ghnáth sa bhaineannach. In ionad úbháin normálta le 23 crómasóm, cruthaítear ubhán le 24 crómasóm (dhá cheann de chrómasóm 21 ann). Nuair a thoirchítear an t-ubhán seo, bíonn crómasóm breise ag an suth.
Tarlaíonn siondróm Down níos minice do pháistí máithreacha os cionn 40 bliain d'aois.
Is é 21 Márta Lá Idirnáisiúnta Siondróm Down, lá chun béim a leagan ar an ngá le gníomhú chun daoine le siondróm Down a chumhachtú le troid ar son a gcearta agus a ndeiseanna féin.
Ainmnítear an riocht as an lia Sasanach J. L. H. Down (1828-1896). Ach tugadh mongólachas ar an riocht freisin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Siondróm Down, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.