Déanann satailít aimsire taifead leanúnach ar phatrúin dhomhanda na haimsire.
Baineann sí feidhm as cianbhraiteoirí chun teocht san atmaisféar is ar dhromchla an Domhain a thomhas, an clúdach scamall a mhonatóiriú, an méid galuisce san atmaisféar is na sreabha fuinnimh ann a thaifeadadh.
De ghnáth, bíonn an satailít i bhfithis mholach nó gar dó, ag airde 500-1,500 km, ag trasnú an mheánchiorcail go hingearach leis sin, is ag dul thar Mhol gach uair go leith.
Cuid acu i bhfithisí geochónaitheacha díreach os cionn pointe ar leith ar an domhan, ag airde timpeall 35,400 km. Faigheann siad sonraí ar réigiúin dhoshroichte, i bhfad níos cuimsithí iomláine ná a bhíodh ar fáil.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Satailít aimsire, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.