Cathair in oirthear chúige Québec, i gCeanada is ea Saguenay.
Tá an chathair suite ar an Abhainn Saguenay, isteach is amach le 200 ciliméadar (120 míle slí) ó thuaidh ó Chathair Québec. Bunaíodh Saguenay ar 18 Feabhra 2002 nuair a cuireadh cathracha Chicoutimi, Jonquière, La Baie et Laterrière le chéile.
Saguenay, Québec | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Abhainn Saguenay | |||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Ceanada | |||
Cúige Cheanada | Québec | |||
Réigiún riaracháin in Québec | Saguenay–Lac-Saint-Jean (en) | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 144,723 (2021) | |||
• Dlús | 127.4 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 1,136 km² | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Saguenay | |||
Airde | 166 m | |||
Ar theorainn le | ||||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 18 Feabhra 2002 | |||
Eagraíocht pholaitiúil | ||||
• Ceannaire an rialtais | Julie Dufour (2021–) | |||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | ville.saguenay.ca | |||
Tá 143,692 duine ina gcónaí i Saguenay. Tá an Fhraincis ó dhúchas ag 98.1% den daonra, Béarla ag 0.9%. Is Caitlicigh iad tromlach na ndaoine (96.1%). Is é Jean Tremblay méara na cathrach. Méara ar Chicoutimi a bhí ann sular cuireadh cathair Saguenay le chéile.
Tá cuid mhór den gheilleagar bunaithe ar shaothrú acmhainní nádúrtha, go mór mór páipéar (ag an gcomhlacht Abitibi-Consolidated) agus alúmanam (Alcan). Tá roinnt stáisiúin chumhachta ann a bhaineann féidhm as an gcumhacht uisce sa cheantar. Is é Saguenay an chathair is faide ó thuaidh in oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh agus, go deimhin, stadann an bóthar chun an tuaiscirt giota beag taobh ó thuaidh ón gcathair féin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Saguenay, Québec, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.