Polaiteoir i dTuaisceart Éireann ab ea Séamus Frederick Mallon (17 Lúnasa 1936 - 24 Eanáir 2020) a bhí ina chéad Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ón bhliain 1998 go dtí 2001.
Bhí sé freisin ina Leas-Cheannaire ar an Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre ó 1979 go dtí 2001.
Bhí Mallon i gcroílár na hiarrachtaí chun Comhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach sa bhliain 1998.
Rugadh Séamus Mallon ar an bhaile Cnoc an Mhargaidh i gContae Ard Mhacha, agus fuair sé a chuid oideachais i Scoil na Mainistreach (Iúr Cinn Trá), agus i Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig, Ard Mhacha, Mar shlí bheatha chuaigh mé leis an múinteoireacht, cosúil lena athair, agus ceapadh é ina ardmháistir ar St. James's Primary School, Cnoc an Mhargaidh. Bhí baint ag Mallon freisin leis an Chumann Lúthchleas Gael, ag imirt pheil Ghaelach do Chontae Ard Mhacha.
Le linn na seascaidí, bhí sé páirteach sa ghluaiseacht cearta sibhialta, go háirithe in Ard Mhacha féin. Sa bhliain 1979, nuair a chuaigh John Hume ó bheith ina leascheannaire ar an PSDLO (faoi Gerry Fitt) go cheannaire, déanadh leascheannaire de Mhallon. Toghadh é ar an chéad fheidhmeannas comhroinnte cumhachta sa Tionól i 1973, agus go dtí Tionól Bunreachtúil Thuaisceart Éireann sa bhliain 1975 ag déanamh ionadaíochta d'Ard Mhacha. Idir Bealtaine agus Nollaig 1982 cheap Cathal Ó hEochaidh Mallon ar Seanad Éireann.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Séamus Mallon, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.