Feictear an teideal Rí i n-annála Gaelacha, gaolmhar le rígh as Gaeilge na hAlban, Reich as Gearmánais, rix as Gaillis, rex as Laidin, raja as Sanscrait.
Is féidir tíreolaíocht polaitiúil na hÉireann a rianú sách cruinn ón 6ú haois ar aghaidh. San aimsir úd, bhí an tír roinnte ina paistí tuath le hordlathas luaineach de thrí nó ceithre ghrád rí:
Níorbh ach siombalach iad na gráid úd thar aon ní. Le himeacht ama, b'fhéidir é go raibh fíorchumhacht rí níos ísle mar ab ionann nó níos mó ná rí níos airde. Cuireadh ceangail ar ríthe ámh trí ghéillsine mhíleata agus íocaíocht chánach.
De ghnáth, ba rí áitiúil i gceannas aon tuath amháin é rí beann nó rí tuaithe, cé gurbh fhada bhuí óna chéile iad na tuatha ó thaobh mhéide de. Meastar go raibh idir 100 nó 150 tuath in Éirinn, ag brath ar foinse.
Go teoiriciúil, ba rí beann é féin gach rí de chéim níos airde. Ní raibh údarás dlíthiúil díreach aige ach laistigh dá thuath shinseartha féin.
Samplaí:
Mór-rí réigiúnach ab ea ruire, ri buiden, nó rí tuath, a raibh i gceannas ar roinnt ríthe rí beann. D'fhéadfadh a rá gur mion-rí fós é ar dóigh éigin, a bheadh ar a chumas ámh céim níos airde, ríogacht an chúige san áireamh, a bhaint amach, bíodh is go hannamh. Ag brath ar an áireamh, is dócha go raibh 20 fíor-ruire in Éirinn in aon aimsir amháin.
Samplaí:
Rí cúigeach no leath-chúigeach ab ea rí ruireach go minic ab raibh roinnt ríthe ruire faoi smacht aige. Glaodh orthu fosta ri bunaid cach cinn (rí bunaidh gach duine). Feictear a leanas roinnt ríochtaí desna chéad agus dara míle bliain, cé nach comhaimseartha iad. Ní raibh ar a mhéad sé fíor-rí ruireach ann ag aon am amháin, agus trí nó ceathair an meán ann. Ó thús, bhí cúig dá leithéid ann, ar a laghad de réir na seanscéalta (féach Táin Bó Cúailnge), agus dá bharr an t-ainm 'cúige' sna hAnnála Éireann.
Samplaí:
De réir traidisiúna, rialtóir uachtarach na hÉireann ab ea an tArd-Rí. Insítear i miotaseolaíocht agus seanscéalta na nGael ámh go raibh a chuid cumhachta idir lag is láidir, go nó gan freasúra, agus de ghnáth ní raibh ann ach ceann feadhna, ag feidhmiú ardfhlaithiúnais ar na ríochtaí neamhspleácha níos ísle.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ríthe Éireann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.