Staraí Éireannach agus Ollamh Emeritus le Stair Meánaoise ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (CnOC) ba ea Donnchadh Ó Corráin (28ú Feabhra 1942 – 25ú Deireadh Fómhair 2017).
Bhain sé céim BA sa stair agus Gaeilge ag CnOC sa bhliain 1964.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Feabhra 1942 Graighin, Éire |
Bás | 25 Deireadh Fómhair 2017 75 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Stair agus léann na Meánaoise |
Gairm | staraí, meánaoisí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Coláiste na hOllscoile Corcaigh (1979–2007) Ollscoil Pennsylvania Ollscoil Cambridge Ollscoil Oxford |
Ball de | Acadamh Ríoga na hÉireann (1982–) |
Teangacha | Béarla |
D'fhoilsigh sé saothair ar na Cogaidh Lochlannacha, Éire roimh ré na Normannach agus bunús ainmneacha Gaeilge. I dteannta lena phost ag CnOC, bhí postanna aige i gColáiste na hOllscoile, BÁC, Ollscoil Cambridge, Ollscoil Pennsylvania, Ollscoil Oslo agus Ollscoil Oxford, áit a bhí sé ina Chomhalta Taighde Sinsearach Cuartaíochta de Balliol College.
Ba é siúd a bhunaigh agus a stiúraigh na tionscadail ArCH, MultiText (nach maireann) agus CELT. Toghadh é mar bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1982. Go gairid roimh a bhás, foilsíodh a mhórshaothar Clavis Litterarum Hibernensium.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Donnchadh Ó Corráin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.